D'fhógair An tOireachtas, i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge, buaiteoirí na nGradam Foilsoireachta 2022: Gradam Réics Carló (Leabhar na Bliana don Léitheoir Óg); Gradam Uí Shúilleabháin (Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta) agus Gradam de Bhaldraithe (gradam do shaothar aistrithe go Gaeilge ó theanga eile)
Dúirt Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, Regina Uí Chollatáin, "Is mór an t-údar ceiliúrtha é liosta údar, foilsitheoirí, dearthóirí agus maisitheoirí den chéad scoth atá luaite le gradaim foilsitheoireachta Oireachtas na Gaeilge i mbliana. Is tuar dóchais iad do thodhchaí na foilsitheoireachta Gaeilge agus léiríonn caighdeán ard na scríbhneoireachta agus na scríbhneoirí go bhfuil forbairt á dhéanamh ar chleachtaí pinn na Gaeilge agus go bhfuil géarghá le scéimeanna mar seo.
Tréaslaím an gaisce atá déanta ag Oireachtas na Gaeilge agus ag togra na bPortráidí Gaeilge leis na heagraíochtaí a nascann buanna ealaíne agus scríbhneoireachta na Gaeilge in aon fhóram amháin agus a léiríonn na féidearthachtaí a sholáthraíonn fóraim chló agus ar líne do léitheoirí agus do phobal na Gaeilge."

Na Gradaim Foilsitheoireachta 2022
GRADAM UÍ SHÚILLEABHÁIN Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta
BLÁTH NA dTULACH – DÍOLAIM ULTACH
Eagartóirí: Réaltán Ní Leannáin, Eoghan Mac Giolla Bhríde & Míchéal Ó Domhnaill
Foilsitheoir: Éabhlóid
GRADAM RÉICS CARLÓ Leabhar na Bliana don Léitheoir Óg
AN SLIPÉAR GLOINE
Údar: Fearghas mac Lochlainn
Maisitheoir: Paddy Donnelly
Foilsitheoir: Futa Fata
GRADAM DE BHALDRAITHE Leabhar na Bliana do Shaothar Aistrithe go Gaeilge ó Theanga Eile
KHALIL
Aistritheoir: Máirín Nic Con Iomaire
Foilsitheoir: Barzaz