Labhair an tAthair Seán Ó Gallchóir, saineolaí ar chúrsaí peil, ar Bharrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta mar gheall ar oidhreacht stairiúil an pheileadóra, Neil Mc Gee atá ag éirí as peil idirchontae.
Ar an seirbhís iontach a thug Neil Mc Gee mar imreoir Condae, d'fhógair Neil go bhfuil sé ag éirigh as mar imreoir Condae i ndiaidh Ocht mbliana déag. Tá níos mó cluichí imeartha ag Mc Gee ná duine ar bith eile a chaith geansaí Dhún na nGall, a dúirt Ó Gallchóir le céad nócha's ceathar cluiche, taifead dochreidte.
Bheadh an dá chéad cluiche bainte amach aige murach an phaindéim a chur stop le chur le go leor cluiche eile.
Deireadh ré atá ann do Dhún na nGall mar gurb é Mc Gee an t-imreoir deireanach a bhí fós ag imirt a bhain an tsraith in 2007 agus tá sé ar dhuine de na himreoirí deireanacha a d'ardaigh Sam Maguire sa bhliain 2012.
Éist le Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 11 agus meánlae.