Is iad Cormac Begley agus a cholcheathar Eoin Ó Beaglaoich a bhéas in éindí le Liam Ó Maonlaí ar Chuan an Cheoil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta anocht.
Clár faoi leith is ea Cuan an Cheoil ina mbíonn ceoltóirí éagsúla ar a gcompord le Liam, áit a roinneann siad a gcuid ceoil agus comhrá leis.
