Inniu ag 7pm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, cloisfidh muid an dara clár sa tsraith nua de Chuan an Cheoil. Sa chlár seo, cloiseann muid Liam Ó Maonlaí ag comhrá agus ag casadh ceoil le haíonna difriúla gach seachtain. Pléann siad nithe éagsúla, ó chúrsaí ceoil, go cúrsaí an tsaoil go ginearálta.
Is féidir leat féachaint siar ar an gcéad chlár sa tsraith Cuan an Cheoil le hAoife Ní Bhriain anseo.
Inniu, beidh beirt de mhuintir cáiliúil Uí Bheaglaoich ó Bhaile na bPoc ina theannta, siad sin Cormac Begley agus Eoin Ó Beaglaoich. Beidh an clár seo le feiceáil ar líne freisin, ar mheáin shóisialta RTÉ RnaG, agus ar rte.ie/gaeilge.

This evening, we'll hear the first programme in the second series of Cuan an Cheoil, presented by Liam Ó Maonlaí. Liam is joined each week by different musical guests for a chat, and to play together. The conversations with guests range from music matters, to family, and all elements of life. This evening, he’s joined by two musicians from the renowned Begley musical family from Baile na bPoc in Corca Dhuibhne – Cormac Begley and Eoin Ó Beaglaoich.
A visual stream for this programme will also be available on RTÉ Raidió na Gaeltachta’s social media platforms every week, on their website, and on rte.ie/gaeilge.