Cad iad na podchraoltaí is fearr atá amuigh ansin i láthair na huaire? Tugann Kayte O'Malley a cuid moltaí dúinn ar an gclár Bladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Deir Kayte go bhfuil na podchraoltaí is fearr mar chomhluadar nó cara leis an té atá ag éisteacht leo.
1. The Witness: In his Own Words
Scéal atá bunaithe ar fhíorscéal atá cumhachtach agus a bhainfeadh siar as an éisteoir.
2. Changes le Annie Mac
Taitníonn an podchraoladh le Annie Mac go mór le Kayte mar gheall gur comhrá iontach nádúrtha aici lena haíonna atá ag caint léi. Bunaithe ar chúraimí an tsaoil a dhíríonn ar athruithe móra an tsaoil.
3. Tommy, Hector and Laurita
Má tá craic, spraoi agus pleidhcíocht uait, seo an podchraoladh duit. Áit a mbíonn Laurita ag iarraidh srian a chur ar a bheirt chairde, Tommy Tiernan agus Hector Ó hEochagáin.
4. That Peter Crouch Podcast
Deir Kayte nach bhfuil mórán spéise aici in san spórt, ach go háirithe an sacar ach go bhfuil scéalta iontacha le hinsint agus an iarpheileadóir faoina shaol.
5. Beo ar Éigean
Má tá tú ar thóir phodchraoladh i nGaeilge a bhainfeadh gáire asat agus a chuirfidh ag smaoineamh tú, ní gá duit dul níos faide ná Beo ar Éigean. Bíonn idir trom agus eadrom faoi chaibidil ag Sinéad, Áine agus Siún go seachtainiúil.

Éist le Bladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Déardaoin agus Dé hAoine idir 3 agus 5