skip to main content

From holy wells to the seventh son of a seventh son: Cneasaithe

Máirtín Tom Sheáinín goes in search of those who believe in alternative healing, from holy wells to the seventh son of a seventh son on TG4's new show, Cneasaithe.

Dé Céadaoin an 28 Meán Fómhair ag 9:30pm ar TG4.

Is iomaí bealach a bhféadfadh bua an leighis a bheith ag duine i dtraidisiún an leighis bunaithe ar chreidimh in Éirinn... Seachtú mac an seachtú mac... Duine ar bhásaigh a athair sular rugadh é nó í... Bean a raibh an sloinne céanna ar a tuismitheoirí sular phós siad ina measc. Rachaidh Máirtín Tom Sheáinín ar thuras ar fud na tíre sa chlár faisnéise nua Cneasaithe agus é ar thóir an fheiniméin rúnda seo chun a fháil amach an bhfuiltear fós i mbun an leighis bunaithe ar chreidimh i measc mhuintir na hÉireann.

Sa cuntas taistil seo tabharfaidh Máirtín ar thuras rúndiamhair muid ina dtabharfar léargas dúinn ar an gcaoi ar tugadh urraim don chneasaí san am atá caite, agus ar an amhras a bhí ag daoine roimhe nó roimpi chomh maith. Rachaidh sé níos doimhne sna scéalta faoi na toibreacha beannaithe - faoi na daoine a fuair leigheas ar dhó, faithní, fadharcáin agus ar chur fola. Casfar cuid de na daoine a bhfuil bua an leighis acu air. Casfar daoine a bhfuil amhras freisin orthu faoin leigheas seo, daoine atá den tuairim nach bhfuil ann ach iarmhairt placebo.

Le linn a thurais, caithfidh Máirtín súil ar an gcartlann ag lorg scannán faoi chúipinéirí agus casfar an cúipinéir mór le rá, Dan O'Neill, air. Bhí a fhios ag gach duine sa tír sna 90idí faoi chapall Dan, Danoli, capall a choinnigh Dan aclaí de bharr an bua a bhí aige cnámha a dheisiú.

Déanfaidh Máirtín machnamh ar na scéalta atá cloiste aige faoi chneámhairí agus faoi mhíorúilteoirí agus ar an méid atá faighte amach aige ó lucht an amhrais, staraithe agus cúipinéirí agus beidh a chuid tuairimí féin aige maidir leis an gcumhacht agus an mhacántacht a bhaineann leis na bhfáthlianna sin. Ní mar a shíltear a bhítear.


Cneasaithe, Dé Céadaoin an 28 Meán Fómhair ag 9:30pm ar TG4.