skip to main content

Páiste beag coicís san Aonad Dianchúraim le tinneas neamhghnách

In agallamh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta labhair Breda Ní Mhaoláin as an Trá Bhán i Leitir Móir faoina maicín Liam Cresham, a d'éirigh go dona tinn go tobann i mí Iúil agus a chaith os cionn coicíse san Aonad Dianchúraim i gCromghlinn.

D’éirigh Liam, a bhí trí bliana d’aois ag an am, tinn ag deireadh mhí Iúil. Tháinig spotaí beaga dearga ar a mhuineál agus ar a chliabhrach.Nuair a thug a mhuintir chuig an dochtúir é, síleadh ar dtús gur deilgneach a bhí ann, ach ansin tháinig léasracha air agus faoin Luan bhí sé san Aonad Dianchúraim in Ospidéal na Leanaí i gCromghlinne.

Mhínigh a mháthair Breda Ní Mhaoláin an méid a tharla do Mháire Bríd Ní Chualáin ar Iris Aniar.

"Bhí léasracha chuile áit beo ar a cholainn... ar a éadan, ar a lámha ... síos ina scórnach, faoi chaipíní na súl... Bhí an oiread sin pian air.D’fhulaing sé an t-uafás.Bhí sé thar a bheith tinn, ach thóg sé cúpla lá orthu a fháil amach céard a bhí air.Siondróm Stevens Johnson a bhí air, ní tharlaíonn sé go minic, b’fhéidir go bhfeicfidís é trí huaire sa bhliain in easpaicil na ngasúr.Duine nó beirt as chuile mhilliún duine sa domhan a fhaigheann é chuile bhliain."

"B’éigean braonacha a chur ina chuid súile chuile dhá uair a’chloig - sa lá agus san oíche.Chuile uair go n-osclódh an doras bhí sé ag rá 'no doctors no nurse’ ag impí ormsa iad a choinneáil uaidh ach ní fhéadfainn."

"Bhí baol ann go gcailleadh sé radharc na súl ... bhí sé i mbaol báis i ndáiríre.Ní raibh sé ag ól ní raibh sé ag ithe ... oíche amháin cheap siad go raibh sepsis air ... D’fhulaing sé."

Mar gheall ar na léasrachaí a bhí faoi chaipíní na súl, a bhí ag scríobadh a chuid súl, bhí faitíos ar na dochtúirí go gcailleadh sé radharc na súl agus b’éigean obráid a chur air.Chuaigh an obráid go maith, ach bhí an cúram ina dhiaidh sin an-dian ar Liam.

"Dá bhfeicfeá é... Ní íomhá an-deas a bhí ann.Bhí bindealáin ar a chuid súile agus clúdach eile os cionn caipín na súl le haghaidh an bindealán a choinneáil, agus bhí greimeanna beaga i gcaipín na súl freisin.Bhí a lámha coinnithe síos sa gcaoi is nach mbeadh sé in ann iad a tharraingt dó."

Bhí sé thar a bheith crua ar Breda agus a fear céile Patrick a maicín a fheiceáil i bpian mar sin.

"Tá mé ag creathadh ag cuimhneamh anois arís air.Bhí m’anáil ag imeacht uaim.Nuair a bhí tú in éineacht leis ní raibh tú ag iarraidh a bheith ag caoineadh... mar tá tú ag iarraidh nach gcuire tú an leaidín beag ag caoineadh agus níl tú ag iarraidh go mbeidh na dochtúirí ag breathnú ortsa seachas a bheith ag tabhairt aire do do ghasúir.Nuair a d’imeoinn ó Liam bhí mé fhéin ag caoineadh, ní raibh mé in ann stopadh ag caoineadh.Ní raibh Patrick, m’fhear céile, in ann ithe nó codladh."

"An rud ba mheasa faoi... Chaith mé beagnach seachtain sa leaba in éineacht leis, bhí sé ag iarraidh orm a bheith taobh leis, ach chomh luath is a bhí an obráid déanta, bhí an oiread seo píobaí, is feadáin bhreise in aice leis bhí sé an-deacair a bheith taobh leis.Agus anuas air sin bhí an oiread léasracha ar a chraiceann dá leagfá do lámh air, bhí an craiceann ag imeacht. Só ní raibh sé ag iarraidh ar aon duine lámh a leagan air só ní raibh mé in ann cuddleín beag ná tada a thabhairt dó, ní raibh sé ag iarraidh póigíní, ní raibh sé ag iarraidh a ghruaig a chuimilt.Ní raibh tú in ann lámh a leagaint air.Bhí sé an- deacair go deo mar níl tú in ann tada a dhéanamh dó a chuideos leis. "

Ach ansin, tar éis cúpla seachtaine, thosaigh Liam ag bisiú.

"Bhí ocras air. D’fhiafraigh na banaltraí céard a d’íosfadh sé, agus d’fhiafraigh mé dó agus dúirt sé pancakes.Thosaigh chuile dhuine ag ritheacht thart ag cuartú pancakes!Fuair an dietician dhá phancake dó, ach níor ith sé ach dhá phlaic beag bídeach, ach sin é a bhí sé a’ iarraidh.Thosaigh sé ag caint faoi rudaí.Bhí mé ag casadh ceoil dhó ‘Hit the Road Jack’.Ní raibh sé in ann corraí sa leaba ach bhí sé ag tarraingt a chosa aníos ag iarraidh dhul ag damhsa leis."

"Thart ar an am céanna a thosaigh sé ag feabhsú le chuile shórt.Bhí ocras ag teacht air.Bhí sé ag iarraidh dhul ag spraoi."

Bogadh síos staighre go barda eile é, agus bhí clós spraoi le feiceáil aige, agus spreag sé sin é le tosú ag seasamh agus ag siúl.

Sa deireadh, ar 22 Lúnasa scaoileadh abhaile é théis dó mí iomlán a chaitheamh san ospidéal, agus tá sé ag déanamh go maith anois.

"Níl marach ná marc ná tada fanta ar a chuid súl buíochas le Dia ... Caithfidh muid a bheith cúramach leis faoin ngrian, níl a chraiceann feabhsaithe uilig ... tá sé dearg go leor.Dá bhfeicfeá é cheapfá gur scallta atá sé le uisce te, nó gur dó gréine dona atá air."

Agus ansin, díreach os cionn seachtaine ina dhiaidh sin bhí cúis cheiliúrtha eile ag an teaghlach nuair a phós Breda agus Patrick Clesham sa Twelve i mBearna ar 30 Lúnasa.

"Tá muid in éineacht lena chéile le beagnach 19 bliain.Phioc muid dáta i mí Bealtaine gan cuimhneamh go dtarlódh a leithéid de rud dúinn idir an dá linn ... Scaoileadh amach Liam Dé Luain, tháinig muid ar ais Dé Máirt, agus an Mháirt dar gcionn phós muid.Ní raibh ann ach 18 duine.Bhí an-lá againn.Bhí chuile dhuine an-sásta mar bhí chuile dhuine le chéile don chéad uair ó bhí Liam tinn ... bhí chuile dhuine chomh sásta Liam a fheiceáil."

Tá cóisir eile fós le socrú ag an teaghlach freisin, mar go raibh lá breithe ag Liam agus é san Aonad Dianchúraim.

"26 Iúil a bhreithlá. Ní chreideann sé féin go bhfuil sé ceathair fós mar ní raibh aon chóisir beag againn dó fós, ach beidh ..."

Bhí Breda Ní Mhaoláin faoi agallamh ar Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé Máirt.