Cuirfear tús anocht le sraith a dó den chlár Cuan an Cheoil, sraith ina gcloiseann muid Liam Ó Maonlaí ag comhrá agus ag casadh ceoil le haíonna difriúla gach seachtain.
Pléann siad nithe éagsúla, ó chúrsaí ceoil, go cúrsaí an tsaoil go ginearálta. Is í an veidhleadóir Aoife Ní Bhriain a bheas ina chuideachta don chéad chlár inniu.
Rugadh agus tógadh Aoife i mBaile Átha Cliath, ach thug an ceol ar fud na cruinne í ó shin. Tá go leor duaiseanna náisiúnta agus idirnáisiúnta buaite aici don cheol clasaiceach agus don cheol traidisiúnta. Beidh sí i mbun comhrá agus ceoil le Liam tráthnóna.
Féach siar ar chlár ón tsraith dheireanach leis an bhfidléir, Colm Mac Con Iomaire.
Beidh an clár seo le feiceáil ar líne freisin, ar mheáin shóisialta RTÉ RnaG, agus ar rte.ie/gaeilge. Seo léiriú de chuid Stiúideo Cuan, maoinithe ag Údarás Craolacháin na hÉireann leis an Táille Ceadúnais Teilifíse.