Labhair muid leis an gcraoltóir Séamus Ó Scanláin mar gheall ar sceideal an Fhómhair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, a chlár nua, Céapar na Céadaoine agus Adhmhaidin atá á chur i láthair aige le Máirín Ní Ghadhra.
Beidh sceideal nua agat go luath, a Shéamuis, abair linn faoin gclár nua a bheas á láithriú agat ar RTÉ Raidió na Gaeltachta chomh maith le cúpla lá ar an stiúir ar Adhmhaidin?
Caint, Ceol agus comhluadar maith...sin é mana an chláir nua Céapar na Céadaoine. Cé go bhfuil sé leathan go maith...tá sé i gceist agam deis a thabhairt do na héisteoirí teagmháil a dhéanamh linn agus a scéal féin a inseacht. Feictear dhom go mbeidh dóthain nuachta agus cúrsaí reatha cloistithe ag daoine ó mhaidin - agus is cineál droichead idir scéalta na maidine agus an tráthnóna a bhéas i gceist. Píosaí cainte - idir trom agus éadtrom a bhéas le cloisteáil agus beidh mé ag díriú freisin ar mhíreannaí iontacha grinn ón gcartlann - seoid dar liom nach bhfaca solas an lae le fada...chomh maith le cúpla píosa deas ceoil freisin.
Beidh caipín eile orm ansin maidin Déardaoin agus Dé hAoine le Adhmhaidin - pribhléid mór mar chraoltóir óg sin a dhéanamh, clár a bhí air sa mbaile i gcónaí agus mé ag fás aníos. Tá aithne i bhfad agus i ngearr i measc phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ar Adhmhaidin. Cé gur thug mé corr-sheal ag seasamh sa mbearna mar láithreoir cheanna in imeacht na mblianta, is iontach an deis é go gairimiúil a bheith mar chuid de fhoireann bhuan an chláir anois.

Maidir leis an gclár nua, an bhfuil fís agat don chineál éisteora a bhfuil tú ag díriú orthu?
Ní dóigh liom go mbeidh aon chineál éisteoir ar leith ag Céapar na Céadaoine - bheadh súil agam go mbeidh míreannaí go leor ann a gcuirfidh chuile chineál éisteoir suim ann, idir trom agus éadtrom! Tá idir óg agus aosta san áireamh ansin arnó.
An bhfuil sé dúshlánach mar chraoltóir, bogadh ó ábhar chúrsaí reatha go siamsaíocht agus a mhalairt?
Ní dhéarfainn go bhfuil sé dúshlánach baileach...bheinn ag breathnú ar mar dheis le tuilleadh forbartha a dhéanamh mar chraoltóir. Tá nós an-mhaith anseo sa gceannáras gur féidir comhairle agus cúnamh a iarraidh orthu siúd is faide atá ag plé leis an gceird seo - agus dhomsa mar chraoltóir - deis atá thar a bheith luachmhar, is iontach an bealach atá ansin le tuilleadh a fhoghlaim. Cé go mbeidh ocht mbliana curtha isteach agam sa stáisiún ag tús na míosa seo chugainn- beidh duine ag foghlaim go dtí an lá a fhágfas tú an obair i do dhiaidh.
Cad iad na cláracha nó podchraoltaí a thaitníonn leatsa agus tú saor ón obair?
Bheadh an-mheas agam ar an mbealach atá ag Alan Clarke le eolas a bhaint as daoine ar 'Big News Coming Soon' - agallaimh daonna, déanta ar bhealach spraoiúil le daoine spéisiúla. Ansin, ar nós leath na tíre - bainim an-sásamh as Tommy, Hector agus Laurita...cuid eile den chomhluadar agus mé ag dul soir agus anoir Prom an Spidéil! D'éirigh liom Hector a chur faoi agallamh anuraidh freisin - tá an-chur síos aige ar chúrsaí an tsaoil agus tá sé an-dílis don Ghaeilge.
Is breá liom an podchraoladh atá ag an aisteoir sasanach John Hopkins - Scotland Yard Confidential, ar a mbíonn cásannaí dúnmharaithe den chuid is mó faoi chaibidil.
Tosaíonn sceideal an Fhómhair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu, 19 Meán Fómhair.