Labhair Sinéad, Áine agus Siún ón bpodchraoladh Gaeilge, Beo ar Éigean faoina mbua ag Gradam na bPodchraoltaí Dé hAoine agus faoina bhfuil cruthaithe acu go dtí seo ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Dúirt Sinéad go raibh ag éirí go maith leis an bpodchraoladh mar go bhfuil caidreamh láidir idir na láithreoirí agus go bhfuil na héisteoirí den tuairim go bhfuil siad ag cúléisteacht le cairde.

Cé gur comhrá eadrom atá in Beo ar Éigean, deir Siún go dtéann an comhrá isteach in ábhair níos doimhne go minic. Tá dhá leagan den chlár ann, clár amháin a théann amach ar an raidió oíche Shathairn ar RTÉ Radio One ar a 8 agus leagan digiteach a théann ar na hardáin dhigiteacha agus deir na BAÉs go níos mó saoirse acu ar an ardán sin.

Ag caint ar ionracas agus ag léiriú tuairimí, rud a tharlaíonn go nádúrtha ar Bheo ar Éigean, feiceann na craoltóirí é seo mar bhuntáiste atá ag an gclár, thar aon rud eile. Éiríonn leo plé dhomhain a dhéanamh ar ábhar atá ag déanamh tinnis dóibh agus dá gcuid éisteoirí freisin, a deir siad.

Éist leis An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08-1.00