D'fhógair An tOireachtas go bhfuil siad ag tacú le breis agus tríocha imeacht Gaeilge i seacht chontae déag ar fud na tíre ar Oíche Chultúir 2022.

Tá éagsúlacht iontach sna himeachtaí a bheas ar siúl: ceol traidisiúnta; snagcheoil; damhsa ar an sean-nós; céilí; taispeántas ealaíne; turas treoraithe agus neart eile!

Ag filleadh don seachtú bliain déag, tionólfar Oíche Chultúir Dé hAoine, 23 Meán Fómhair 2022. Is é buaicphointe na hoíche don Oireachtas ná go mbeidh Pólca 4 agus aíonna speisialta: buaiteoir reatha Steip Ruadhán Ó Flatharta agus an t-amhránaí clúiteach, Caitríona Ní Cheannabháin i lár stáitse i gCearnóg Theach an Tionóil, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath ó 7.30 p.m.

Beidh oíche lán le ceol, craic, damhsa agus amhránaíocht chun pobal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath a thabhairt le chéile don ócáid speisialta seo.

Oíche Chultúir

Murar féidir leat freastal ar na himeachtaí seo tá go leor leor ag tarlú ar líne agus ar an teilifís, ón gclár ealaíona a bheas ar TG4 ag tosú ag 10pm go clár speisialta a bheidh á chraoladh ó Loch Boora ar RTÉ ONE ag 7pm. I measc na n-aíonna a bheidh ann, beidh Tolϋ Makay, Felispeaks, Damien Dempsey, Jack O'Rourke, Martin Hayes, Elaine Mai, Maykay, Loah, Ailbhe Reddy and Sinead White.

Tá gach eolas faoi mhór-imeacht an Oireachtais agus gach imeacht Gaeilge eile ar Oíche Chultúir ar fáil ag www.antoireachtas.ie/oiche-chultuir-2022/