Táthar sa tóir ar amhrán na hÉireann don Chomórtas Amhránaíochta Junior Eurovision 2022! Tabharfar deis do mhuintir na hÉireann iomaitheoir óg na hÉireann a roghnú i mbliana den chéad uair RIAMH. Is iad an lucht féachana a roghnóidh buaiteoir na sraithe sa bhabhta ceannais.
Beidh scoth na n-amhránaithe óga ar fud na hÉireann, idir 9 agus 14 bliain d'aois, ag glacadh páirt sa chomórtas. San Airméin a bheidh comórtas na bliana seo ar siúl os comhair na milliún daoine.

Beidh láithreoir nua, Darragh Ó Caoimh, ar stáitse i dteannta Louise Cantillon a chuideoidh leis na moltóirí Niamh Ní Chróinín agus Chris Greene iomaitheoirí an bhabhta ceannais a roghnú. Beidh aoi-mholtóir in éineacht leo gach seachtain, Niamh Kavanagh, Linda Martin, Paul Harrington, Brooke Scullion, Brian Kennedy agus Ryan O’Shaughnessy ina measc agus is cinnte go mbeidh teannas ann!
Dé Domhnaigh ag 8.30pm ar TG4 ón 18 Meán Fómhair.