skip to main content

Cé a bheidh san áireamh sna Underdogs?

Tá sraith chlúiteach CLG TG4 Underdogs ar ais agus is ag lascadh na gcamán a bheidh siad an uair seo. Táthar ag tóraíocht agus súil teacht ar scuad fear atá sách cumasach, díocasach agus uaillmhianach le haghaidh ar thabhairt ar cheann de na foirne is fearr sa chluiche páirce is tapa ar domhan.

Beidh foireann nua bhainistíochta ar an taobhlíne i mbliana; iar-imreoir agus iarbhainisteoir contae Chorcaí, a thug foireann Chorcaí chomh fada leis an gcluiche ceannais in 2005 agus a bhuaigh é, John Allen; réalta camógaíochta Loch Garman agus bean a bhfuil cluiche ceannais na hÉireann buaite ceithre huaire aici, Claire O'Connor agus iar-imreoir le mionúir Chorcaí agus duine de na bainisteoirí is óige riamh le Corn Mhic Giobúin a bhuachan, Jamie Wall.

Claire O' Connor

Seo seans d’imreoirí dul i mbun traenála in éineacht le laochra móra an chluiche agus a bheith faoina stiúir. Is deis é d'imreoirí nach bhfuil eolas ar bith ag an bpobal orthu aghaidh a thabhairt ar roinnt de na hiománaithe is fearr sa tír.

Beidh ar an bhfoireann bhainistíochta painéal a chur le chéile a bheidh sách maith le haghaidh a thabhairt ar fhoireann idirchontae mór le rá. Ní fhéadfaidh na himreoirí sin peil idirchontae a bheith imeartha acu i gCorn Mhic Cárthaigh roimhe seo.

Tháinig iománaithe ar fud na tíre chomh fada linn lena fháil amach an raibh an cumas sin iontu. An bhfuil siad sách maith le háit a bhaint amach ar fhoireann an chontae amach anseo?

Beidh ar an mBainistíocht imreoir amháin nó níos mó a chur abhaile gach seachtain ón gcampa Underdogs mar nach féidir ach le 30 acu dul ar aghaidh agus imirt sa chluiche dúshláin deiridh a bheidh ar siúl san Fhómhar.


Tosaíonn Underdogs, Déardaoin ag 9.30pm ón 15 Meán Fómhair ar TG4