skip to main content

Who do we name our trophies after and why?Scéalta na gCorn ar TG4

Labhair muid leis an gcraoltóir agus tráchtaire, Gráinne Mc Elwain faoina clár nua, Scéalta na gCorn a fhiosraíonn stair agus scéalta na gCorn a bhronntar sa tír seo.

Cad a spreag tú le clár den chineál seo a dhéanamh?

Scríobh Humphrey Kelleher, iar-bhainisteoir Átha Cliath agus iar-iománaí Phort Láirge, leabhar darb ainm GAA Family Silver ina bhfuil tagairt déanta ar go leor de na coirn atá le fáil timpeall na tíre. Chuaigh léiritheoir na sraithe Hannah Ní Dhubhcháin ó Imagine Media i mbun cainte leis agus, le go leor taighde eile déanta aici féin, tháinig an tsraith Scéalta na gCorn chun cinn. Is é Humphrey comhairleoir ar an tsraith.

There are over 2,000 pieces of GAA silverware around the country and this series looks at the stories behind the cups and why are they named the names they are and where they came from. It looks at the people behind the cups and brings their stories to life. Sraith álainn agus thar a bheith spéisiúil a bheith ag obair ann.

Baineann na coirn seo le stair na hÉireann, an dóigh leat go bhfuil scéal na hÉireann inste go cruinn acu?

Tugann sé léargas dúinn cinnte ar an dóigh a bhí an saol ag an am agus is léir an ceangal atá agus a bhí ann idir CLG agus saol cultúrtha agus réabhlóide na tíre. Ach níl ann ach léargas ar an am áirithe sin. Aithnítear gnáthbhall den chlub sa tsraith seo agus is aoibhinn liom sin. Is é mana CLG ná go bhfuil áit dúinn uilig ann agus tá sé iomlán fíor nuair a fheiceann tú na coirn atá ainmnithe i ndiaidh daoine a thug an t-uafás don chumann ina gceantar féin nó sa chontae.

Mar shaineolaí spóirt, ar fhoghlaim tú aon rud nach raibh ar eolas agat agus tú i mbun taifeadta?

Bíonn tú ag foghlaim gach lá agus cinnte d'fhoglaim mé go leor. Rud nár thuig mé ná go bhfaigheann réiteoirí bonn uile Éireann iad féin nuair a mbíonn siad i mbun na feadóige ar an lá is mó i bhfeilire CLG.

We forget that for many they never knew who the people behind the cups were and to see how much it meant to the families to have a cup named after a loved one and to share their stories of them was something I loved finding out in the series. Their memory lives on through the cup.

Tá dul chun cinn iontach déanta maidir le spórt na mban in Éirinn le déanaí ach an bhfuil obair le déanamh fós maidir le Coirn?

Sa tsraith seo, bíonn muid ag fiosrú na coirn uilig idir CLG, Cumann Peil Gael na mBan, Cumann Camógaíochta, Cluiche Corr agus Liathróid Láimhe. Tá meascán i ngach clár idir fir agus mná agus rud atá spéisiúil ná le coirn na mban, is féidir coirn a bheith ainmnithe i ndiaidh daoine agus iad fós beo. Rud nach féidir le coirn CLG. Tá dul chun cinn iontach déanta maidir le spórt na mban ach is féidir i gcónaí tuilleadh a dhéanamh.

Scéalta na gCorn ag tosú Dé Céadaoin ón 14 Meán Fómhair ag 8.30pm