Labhair an tOllamh Pádraig Ó Duibhir, Ollscoil Chathair Átha Cliath ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin gcinneadh atá tógtha ag an Aire Oideachais Norma Foley díolúine ón nGaeilge a thabhairt do scoláirí a bhfuil riachtanais éagsúla leanúnach acu.

Dúirt an tOllamh go bhfuil an díolúine tugtha ag daltaí atá tagtha ó thír eile agus dóibh siúd atá ag streachailt le léitheoireacht agus tuiscint sa scoil agus go síleann sé go bhfuil sé réasúnta go mbeadh a leithéid do dhíolúine ag thart ar 2-3% de dhaltaí ach go bhfuil an díolúine anois imithe 'thar fóir'. Tá Ó Duibhir den tuairim go bhfuil timpeall 10% de dhaltaí anois cláraithe leis an díolúine a fháil ón nGaeilge.

Tá an díolúine á thabhairt anois gan bunús fianaise eolaíoch, a deir Ó Duibhir. Luaigh sé go gceapann sé go bhfuil daltaí ag iarraidh éalú ó fhoghlaim na Gaeilge tríd an díolúine. Tá cuid mhór de na daltaí seo nach gá dóibh an Ghaeilge a fhoghlaim ag déanamh staidéar ar theangacha eile sa chóras scoile, a deir sé.

Tá díomá ar an Ollamh Ó Duibhir nár tharla athbhreithniú a bhí geallta tar éis dhá bhliain den chóras nua maidir leis an díolúine seo, rud a chiallaíonn go bhfuil breis daltaí anois ag fáil díolúine ná mar a bhí cheana.

Éist le Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 8 agus 9.