I gclár dráma faisnéise nua Íospartaigh na Lochlannach a chraolfar ar TG4 ar an gCéadaoin 14 Meán Fómhair ag 9:30pm, scrúdaítear cén fáth gur ghabh na Lochlannaigh daoine agus gur dhíol siad iad ina sclábhaithe sa 9ú haois.

Bhí na Lochlannaigh ag trádáil sclábhaithe ó imeall thiar na hEorpa chomh fada soir leis an Meánoirthear le linn na tréimhse sin.

Déanfar iniúchadh ar an saol a chaith na sclábhaithe sa scannán seo trí shúile bheirt sclábhaí as Éirinn, Findan agus Melkorka. Díreofar ar scéal an mhanaigh Éireannaigh, Findan, agus ar an gcur chuige neamhthrócaireach a bhí ag na Lochlannaigh sa 9ú haois, tráth a raibh cáil ar na maraithe Nordacha seo ní hamháin ina ngabhálaithe ach ina ndream gan trócaire a ghabh agus a dhíol daoine ina sclábhaithe. Rinneadh naomh d'Fhindan ina dhiaidh sin agus thángthas ar a lámhscríbhinní i Mainistir Rheinau san Eilvéis. Déantar cur síos go mion sa méid a scríobh Findan ar an gcaoi ar chaith na Lochlannaigh go brúidiúil lena bpríosúnaigh agus rinne staraithe agus saineolaithe, a bhfuil cáil idirnáisiúnta orthu, mion-imscrúdú ar stair thrádáil na sclábhaithe i measc na Lochlannach de bharr an eolais atá sna lámhscríbhinní sin.

Déanfar ceisteanna a bhaineann le stair thrádáil na sclábhaithe a phlé sa chlár faisnéise Íospartaigh na Lochlannach, cén fáth ar fhuadaigh na Lochlannaigh daoine? Cén ról a bhí ag sclábhaithe sa tsochaí? Céard a bhíodh i ndán do na príosúnaigh sin? Cé chomh gairmiúil agus a bhí trádáil na sclábhaíochta, agus cén chaoi ar tháinig forbairt air le himeacht ama? Agus cén tionchar a bhí ag an ngáinneáil ar dhaoine a rinne na Lochlannaigh ar an Eoraip sa Mheánaois? Nochtar freagraí iontacha, ag léiriú gur shroich gáinneáil ar dhaoine agus sclábhaíocht leibhéil idirnáisiúnta faoi na sladaithe Nordacha seo.

Dé Céadaoin 14 Meán Fómhair @ 9:30pm ar TG4