Chuir Fachtna Ó Drisceoil Tús Áite i láthair ó Tigh Watty in Inis Mór, Árainn, chun comóradh a dhéanamh ar bhua Oileáin Árann sa chomórtas Seoid na hÉireann a reáchtáil an clár le déanaí.
An áit is deise in Éirinn a bhí á lorg ag an gcomórtas, áit gur chóir do gach Éireannach cuairt a thabhairt air lena linn. Mar is iondúil gach Luan ar an gclár, bhí Painéal an Luain ann inniu, agus beidh ionadaithe ón trí oileán ar an bpainéal ag plé le cúrsaí reatha an lae agus ag caint faoi na hoileáin iad fhéin. Chomh maith leis sin, beidh Diane Ní Fhlatharta ina haoi ar an gclár. Ba í Diane a bhí ina 'hambasadóir' ar son Oileáin Árann le linn an chomórtais.
Labhair Máiréad Ní Fhátharta (Cathaoirleach Chomharchumann Forbartha Inis Meáin) faoi na dúshláin agus todhchaí na nOileán, mar a fheiceann sí é.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Presented by Fachtna Ó Drisceoil live today from Tigh Watty in Inis Mór, Árainn in the Aran Islands – to celebrate their win in the programme’s recent competition Seoid na hÉireann. The competition set out to find the most beautiful places in Ireland, the places that every Irish person should see before they die. Each Monday, the programme hosts a panel discussion, and today will be no different, with speakers from the three islands taking part to discuss the week’s current affairs, and also to discuss the islands. As well as that, Diane Ní Fhlatharta, who was the ambassador for Oileáin Árann in the competition, will join the discussion.
Éist le Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 5 agus 6.