Sa tsraith seo, cuirfidh Eibhlín de Bhailís míreanna inár láthair a craoladh ar an gclár Anseo i Maigh Eo leis an gcraoltóir Seán Ó hÉalaí, nach maireann.
Sa mbliain 1879, bhunaigh Mícheál Mac Daibhéid 'Conradh na Talún', eagraíocht náisiúnta a bhí le tionchar an-mhór a imirt ar shaol na tíre seo. Rugadh an Daibhéidech i Maigh Eo, i sráidbhaile bheag ar a dtugtar ‘An tSráid’, idir Caisleán a Bharraigh agus Béal Easa. Bunaíodh coiste speisialta sa mbliain 1979 le comóradh céad bliain Chonradh na Talún a eagrú. Inniu éistfidh muid le clár speisialta a rinne Seán Ó hÉalaí sa mbliain 1979 faoin gcomóradh sin.
In this series, Eibhlín de Bhailís brings us highlights from the series Anseo i Maigh Eo, which was presented by Seán Ó hÉalaí from the RnaG Mayo studios for many years. Today, we’ll hear a special programme about the one hundred year celebrations of The Land League, established by Mayo man Michael Davitt in 1879.