Scríobhann Bainisteoir Réigiún an Tuaiscirt, Damien Ó Dónaill mar gheall ar an tsraith nua podchraoltaí atá eisithe ag RTÉ Raidió na Gaeltachta, Doire Beaga 50.
Rith an smaointiú seo liom roinnt blianta ó shin agus mé i mbun cláracha faisnéise sa raidió. Le linn dom a bheith ag éisteacht siar fríd chartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta, thuig mé go raibh seoid luachmhara ina luí ansin gan go leor úsáide nó tairbhe a bhaint astu. Nuair a bhainfinn úsáid as ábhar cartlainne le linn cláracha úra a bhí a chur le chéile agam, bhainfeadh daoine sult ollmhór as na sean-glórthaí a chloisteáil ina raibh saibhreas teanga, foghraíochta agus sruthanna cainte Gaeilge gan lúb ar bith ar lár.
Ach is rud amháin é an smaointiú a bheith ag duine ach é a thabhairt go ceann scríbe, bíonn dúshláin eile leis sin ach caithfidh mé mo bhuíochas a thabhairt don Cheannaire, Gearóid Mac Donnacha, a ghlac leis an smaointiú agus tá súil ag na réigiún eile an rud céanna a dhéanamh amach anseo. Tá obair mhór le na leithid de thogra agus caithfidh mé mo bhuíochas a thabhairt do Phóilín Nic Géidigh a rinne obair ollmhór agus ard-mholadh tuillte aici as an méid a rinne sí chun an fhís a bhí againn a bhaint amach. Ár mbuíochas fosta le Nigel Wheatley, Audio Product Manager RTÉ , agus le Caitríona Ní Bhaoill, Oifigeach Poiblíochta& Idirlín Raidió na Gaeltachta, a thug treoir dúinn le linn an togra.
Is beag a shíl leithéidí Seosamh Mac Grianna, Seán Ó hEochaidh agus a macasamhail go mbeadh a nglórthaí le cloisteáil ar Spotify agus ar na hardáin sruthála ach beidh as seo amach, a bhuíochas don obair mhór a rinne foireann RTÉ Raidió na Gaeltachta le 50 bliain anuas ag caint leis an phobal agus ag caomhnú an ábhar seo sa chartlann.
Éist anseo le Damien ag déanamh cur síos ar an togra ar Bharrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Rinne craoltóirí, iar-bhainisteoirí, rúnaithe, lucht fuaime agus teicneoireachta an stáisiún seo obair mhór le 50 bliain anuas agus ar dhóigh léiríonn an togra seo toradh a gcuid oibre le blianta fada. Ní raibh sé furasta ag tús ama cláracha agus an ábhar a craoladh a shábháil ach tá cartlann luachmhar ag an raidió.
Is minic a dúradh liom gur ollscoil Gaeilge a bhí i gcartlann an raidió mar gheall ar an saibhreas cainte a bhí ar fáil ann ach ní amháin cúrsaí teanga ach sílim gur ollscoil staire atá ann fosta mar go bhfuil taifead déanta ar eachtraí staire na Gaeltachta le 50 bliain anuas chomh maith. Bheinn ag súil go mbainfidh ollscoltacha agus lucht foghlama na Gaeilge tairbhe agus buntáiste as an méid a bheas ar fáil anois.

Beidh 50 clár a chur ar fáil againn ó chartlann Thír Chonaill idir seo agus Nollaig ach is é an fhís ná go mbeadh an chuid is mó de ábhar na cartlainne ar fáil amach anseo ach sin scéal do lá eile. Tá tús déanta agus is mór an méid é sin. Beidh daoine ábalta éisteacht leis na cláracha seo ina n-am féin agus ón méid atá cloiste againn sna cláracha, beidh uaireanta an chloig de phléisiúr ann do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge ar fud na cruinne.
Seo iad na chéad 5 chlár a bheas ar fáil ar shuíomh RTÉ agus ar na hardáin sruthála faoin ainm DBG50 (Doire Beaga 50)
· Cniotáil (2015) – Clár faoi stair thionscal cniotála Iarthar Dún na nGall, áit a raibh suas le 20,000 duine ag cniotáil geansaithe Árannach ag am amháin. Discover the rich history of the knitting industry in Donegal, where up to 20,000 people were knitting Aran jumpers.
· Mo Shaol ar Thithe Solais na hÉireann (1978) - Chaith Tomás Ó Baoill seacht mbliana ar thithe solais thart ar chósta na hÉireann. Labhraínn sé le Timlín Ó Cearnaigh faoin tréimhse sin.
· Go Domhain san Fharraige (2018) - Caitheann Dónall Mac Ruairí 3 lá ar bhád crúbóige amach ó chósta Thír Chonaill le léargas a fháil ar na dúshláin a bhaineann leis an obair seo. Dónall Mac Ruairí spends 3 days aboard a crabber, where he discovers the challenges of working on open water.
· Cártaí le Seán Ó hEochaidh (1977) - Clár faoi chártaí; na piseoga a bhaineann leo agus lena n-imirt.
· Bád Chlós Mhíobhaigh (2014) - Clár faoi Bhád Chlós Mhíobhaigh sna Dúnaibh, a thóg Bord na gCeantar Cúng i 1910. Locals reveal the history of Mevagh Boatyard in Downings, built by the Congested Districts Board in 1910