D'fhógair An tOireachtas an gearrliosta do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2022. Déanann Gradaim Chumarsáide an Oireachtais ceiliúradh ar ardchaighdeán agus ar shár-iarrachtaí a chuirtear i gcrích in earnáil na cumarsáide Gaeilge gach bliain.

Tugann na Gradaim seo aitheantas do láithreoirí, léiritheoirí, iriseoirí, colúnaithe, aisteoirí agus lucht déanta clár raidió agus teilifís a bhfuil cion thar na bearta déanta acu i réimsí éagsúla meán le dhá mhí dhéag anuas.

Tá trí chatagóir déag (13) ar chlár na ngradam i mbliana. Is ar bhonn vóta poiblí a roghnófar Réalta Óg na Bliana. Cuirfear tús leis an vóta poiblí Déardaoin, 15 Meán Fómhair 2022. "Tá fás agus forás tagtha ar Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais le fiche bliain anuas faoi mar atá ar an earnáil lena mbaineann siad. Tá éacht speisialta déanta ag na meáin chumarsáide agus na ceannródaithe a thiomáin iad ag gach leibhéal agus iad ag déileáil go muiníneach, cróga, leis na dúshláin bhreise a chruthaigh an phaindéim" a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais.

"Bhí sárchaighdeán, tréanchruthaíocht agus nuálaíocht le sonrú go láidir ar Ghearrliosta 2022 agus déanaim comhghairdeas ó chroí le gach duine a bhain an gearrliosta sin amach. Tá muid ag súil go mór leis an mbronnadh a bheith ar siúl i bpearsa arís i mbliana le linn Oireachtas na Samhna i gCill Airne, Co. Chiarraí."

COLÚNAÍ NA BLIANA

Alex Hijmans Tuairisc.ie

Ciarán Dunbar Meon Eile

Éanna Ó Caollaí The Irish Times

Seán Ó Dubhchon NÓS

Mairéad Ní Nuadháin Tuairisc.ie

Fachtna Ó Drisceoil Tuairisc.ie

SRAITH RAIDIÓ NA BLIANA

Beo ar Éigean RTÉ Raidió 1

Iris Aniar RTÉ Raidió na Gaeltachta

Teachtaireachtaí Raidió na Life

Bladhaire RTÉ Raidió na Gaeltachta

Cóisir Filíochta BBC Gaeilge ar BBC Raidió Uladh

An Chéad Ghliún Eile RTÉ Raidió na Gaeltachta

IRISEOIR NA BLIANA

Sorcha Ní Riada Nuacht TG4 & RTÉ

Cóilín Ó Neachtain RTÉ Raidió na Gaeltachta

Caoimhe Ní Laighin Nuacht TG4 & RTÉ

Eoin Ó Cathain RTÉ Raidió na Gaeltachta & Nuacht TG4

Aodhán Ó Maoileoin Nuacht TG4 & RTÉ

CLÁR TEILIFÍSE NA BLIANA

Seán Ó Riada Mo Sheanathair Táin Media

The Queen Vs Patrick O' Donnell ROSG

RTÉ RnaG @50 Aniar TV

SCANNÁN NA BLIANA

Foscadh Tua Films

An Cailín Ciúin Inscéal

Doineann Doubleband Films

PEARSA RAIDIÓ NA BLIANA

Seán Ó Dubhchon Raidió RíRá & RTÉ Raidió na Gaeltachta

Caoimhe 'Ceol’ Ní Cathail BBC Gaeilge ar BBC Uladh

Josie Ó Cualáin RTÉ Raidió na Gaeltachta

Jud-Meg Ní Chinnéide Raidió na Life

Jamie Ó Flannúra Raidió RíRá & RTÉ Raidió na Gaeltachta

PEARSA TEILIFÍSE NA BLIANA

Niamh Ní Chróinín Cúla4

Doireann Ní Ghlacáin Fleadh TV & Sean Ó Riada Mo Sheanathair

Seán Ó Baoill An Focal Scoir & I Lár an Aonaigh

Áine Ní Bhreisleáin An Cósta Thiar

Dara Ó Cinnéide Spórt Iris

FEACHTAS MEÁN SÓISIALTA NA BLIANA

#Comhar80 Comhar

#AchtAnois An Dream Dearg

#CpnaG Molscéal ag Comórtas Peile na Gaeltachta

CLÁR GAEILGE NA BLIANA AR RAIDIÓ POBAIL

Slán le Fear an Hata Raidió Pobail Chonamara

Aon Scéal? Phoenix FM

Gaeilge Bhriste West Limerick 102FM

Rogha Bhríde Flirt FM

Ceol agus Craic Dublin City FM

Tradfest Tullamore Flirt FM

CLÁR GAEILGE NA BLIANA AR RAIDIÓ TRÁCHTÁLA

Dúisigh le Lauren Ní Loingsigh Cork’s Red FM

Splanc le Cuán Ó Flatharta Newstalk

Cad ‘dearfá le Gaillimh Galway Bay FM

Ceol Anocht KCLR FM

Ruaille Buaille Highland Raidió

SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA

Croí na Ceiste Waddell Media

An Cósta Thiar Aniar TV

An Cuan Oddboy Media

I Lár an Aonaigh Below the Radar

Nuair a bheidh mé Mór Meangadh Fíbín

Iontais na bhFarraigí Ceilteacha Tua Films

CRAOLTÓIR SOLABHARTHA NA BLIANA

Gearóidín Nic Con Iomaire RTÉ Raidió na Gaeltachta

Pádraig Ó Sé RTÉ Raidió na Gaeltachta

Eoin Warner TG4

Sinéad Ní Uallacháin RTÉ Raidió na Gaeltachta & RTÉ Raidió 1

Cuán Ó Flatharta Newstalk

RÉALTA ÓG NA BLIANA

Conchúr Ó Faoláin Clár Reachtaire le Raidió na Life

Niamh Ní Ruadagáin Léiritheoir & taighdeoir teilifíse

Darren Ó Dubhgáin Aimsir & Leanúnachas TG4

Evelyn Ní Ghriallais Rásaíocht Beo ar TG4

Barry Ó Síochrú BLOC TG4

Fógrófar buaiteoir Bhuaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair 2022. Bronnfar na Gradaim Chumarsáide ag searmanas speisialta a bheidh ar siúl ar Chéadaoin na féile, 2 Samhain 2022.

Tá gach eolas maidir le himeachtaí uile an Oireachtais le fáil ar an suíomh ag www.antoireachtas.ie