skip to main content

Fadhb tithíochta sa Daingean

Ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, labhair Lisa Nihill, a chaith formhór a saoil sa Daingean, agus atá gan dídean anois.

Tá fadhb an easpa tithíochta fadtéarmach ar fud na tíre ag dul in olcas, agus figiúirí dhaoine atá gan dídean ag méadú i gcónaí. Ní haon eisceacht í baile an Daingin, ach é sin ráite, tuigtear nach bhfuil sé i gceist ag Comhairle Contae Chiarraí lóistín do dhaoine gan dídean a chur ar fáil ar an mbaile faoi láthair.

Sláine Ní Chathalláin

Rugadh mac do Lisa go gairid tar éis di an teach a raibh sí ann a fhágáil agus d'fhan sí le cara nuair a d'fhill sí ón ospidéal. Ina dhiaidh sin, bhí uirthi cabhair a lorg ón gComhairle Chontae Chiarraí agus anois tá sí in áit éigeandála gar do Chill Áirne. Tá sí ag roinnt sorn le timpeall 30 duine eile agus níl mórán spáis di féin agus a mac an-óg, rud a chothaíonn go leor deacrachta di.

Deir Lisa nach bhfeiceann sí aon leigheas ar an scéal seo mar go bhfuil an oiread daoine ar liostaí feithimh do thithíocht agus nach bhfuil an lóistín ann dóibh.

Éist le Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 8 agus 9.