Labhair Rónán Mac Con Iomaire, Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail & Pleanála Teanga, Údarás na Gaeltachta ar an gclár Adhmhaidin faoin ócáid An Ghaeltacht Ghlas.

Reáchtálfar ócáid Dé hAoine ar an gCeathrú Rua faoin teideal 'An Ghaeltacht Ghlas', cruinniú ina ndéanfar plé ar deiseanna don Ghaeltacht i dtaobh an ‘Eacnamaíocht Ghlas’.

Dúirt Mac Con Iomaire go dtagann go leor faoin téarma 'inmharthanacht', nuair a thagann sé chuig ceantair Ghaeltachta, tá inmharthanacht timpeallachta ann, inmharthanacht eacnamaíochta agus inmharthanacht teanga freisin.

Mar chuid den chomhrá, beidh plé faoi fhuinneamh a bhainistiú i gceantair Ghaeltachta.

Rónán Mac Con Iomaire

Seachas a bheith ag caint faoi na dúshláin atá roimh an nGaeltacht, mar a bhíonn go hiondúil, deir Rónán gur deis é seo dóibh siúd atá lonnaithe sa Ghaeltacht aghaidh a thabhairt ar chúrsaí timpeallachta agus eile.

Éist le Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 8 agus 9