skip to main content

Stair na cniotála i nDún na nGall

Déanann mná as Iarthar Dhún na nGall cur síos ar an ról a bhí acu i gceann de na tionscail is tábhachtaí a bhí sa cheantar san am a caitheadh.

Sa chlár seo, cluinfimid faoi stair thionscal na cniotála in iarthar Dhún na nGall. Meastar go raibh 20,000 ag cniotáil geansaithe Árannacha ina dtithe cónaithe i gContae Dhún na nGall i lár an chéid seo a chuaigh thart, geansaithe a cuireadh timpeall na cruinne ar fad. Sa chlár seo insíonn mná as paróiste na Rosann in iarthuaisceart Dhún na nGall a scéalta pearsanta féin faoi cheann de na tionscal ba thábhachtaí a bhí sa cheantar, tionscal a chinntigh teacht isteach a bhí thar a bheith tábhachtach do na mílte teaghlach. Michelle Nic Grianna chuirfidh an clár i láthair. Páirteach tá Annie Shéamuis Uí Fhearraigh, Nóra Frainc Chonaill Uí Raghallaigh, Sarah Rua Mhic Grianna, Nuala Eibhlín Uí Mhaolchalainn, Dolores Bn Uí Dhomhnaill, Síle Uí Bhaoill, Máire Bn Mhic Gairbheith, Bridie Uí Bhaoill, Bríd Uí Dhomhnaill agus Mairéad Bn Mhic Grianna.

In this programme today, we'll hear about the history of the knitting industry in West Donegal. It is estimated that 20,000 people in the county were involved in the industry in the last century, knitting Aran jumpers in their homes that were subsequently sent around the world. In this programme, women from the parish of Na Rosa in west Donegal tell their personal stories about one of the most important industries in the area, an industry that provided a vital source of income for thousands of households. Michelle Nic Grianna presents. Participants in the programme include Annie Shéamuis Uí Fhearraigh, Nóra Frainc Chonaill Uí Raghallaigh, Sarah Rua Mhic Grianna, Nuala Eibhlín Uí Mhaolchalainn, Dolores Bn Uí Dhomhnaill, Síle Uí Bhaoill, Máire Bn Mhic Gairbheith, Bridie Uí Bhaoill, Bríd Uí Dhomhnaill and Mairéad Bn Mhic Grianna.