Dé Céadaoin, 7 Meán Fómhair ag 9.30pm, fiosraíonn an clár Ar Iarraidh- Scéal Arthur Kingsley Porter, fear saibhir a d'imigh gan tasc gan tuairisc ó oileán Inis Bó Finne sa bhliain 1933.
Tabharfar léargas úr ar an milliúnaí agus ar an Ollamh i Harvard a d'imigh gan tásc ná tuairisc d’oileán amach ó chósta Thír Chonaill i gclár úr atá le craoladh ar TG4.
Chonaic Lucy Porter a fear céile Arthur Kingsley Porter, 50, den uair dheireanach ar an oileán beag Gaeltachta Inis Bó Finne ar an 8 Iúil 1933. D’imigh sé gan tásc ná tuairisc agus é amuigh ag spaisteoireacht, níor thángthas ar a chorp riamh.
Ag an ionchoisne – an chéad ceann riamh sa tír gan chorp – glacadh le scéal a mhná céile gur thit an seandálaí mór le rá amach san fharraige agus gur bádh é.
Mar sin féin, creideann roinnt de mhuintir an oileáin agus duine muinteartha le Porter gur eagraigh sé timpiste bhréige le go dtiocfadh leis saol úr a thosú thar lear.

"An rud a chreidim a tharla, lena dhéanamh chomh simplí agus is féidir, ná gur lig sé air féin go raibh sé básaithe" a deir Porter Scott Arneill sa chlár, arbh é Arthur Kingsley Porter a sheanuncail.
Bhíodh Arthur Kingsley Porter ag teagasc ina shaineolaí ar sheandálaíocht agus stair na n-ealaíon in Ollscoil Harvard. Cheannaigh sé féin agus a bhean Lucy Caisleán Ghleann Bheatha i dTír Chonaill sa bhliain 1929 ar luach £5,000, áit atá ina chuid lárnach de Pháirc Náisiúnta Ghleann Bheatha sa lá atá inniu ann.
Is é Kevin Magee, iriseoir iniúchta agus déantóir scannán, a fhiosróidh an scéal sa chlár uair an chloig 'Ar Iarraidh’ do TG4. Aimsíonn Magee eolas úr faoi Porter agus faoina imeacht i gcartlann Harvard.
"Mar chuid den fhiosrúchán thaistil mé go Bostún agus tháinig mé ar pháipéir agus ábhar eile a d’fhág a bhean chéile ag Cartlann Ollscoil Harvard. Ina measc bhí pictiúir nach bhfacthas go poiblí roimhe a glacadh ar an oileán sna laethanta i dhiadh dó dul ar iarraidh."
"Bhí neart eolais sna cáipéisí. Léirigh ceann acu go raibh bád mór iascaireachta, nár luadh ag an ionchoisne, sa bhá amach ón oileán an oíche sula ndeachaigh Kingsley ar iarraidh. Mar a tharla sé d’éirigh a chosa fliuch agus é ag cuidiú le lucht an bháid, mar sin, bhí an deis aige imeacht go ciúin, dá mba é sin a mhian.
Bhí imeacht Kingsley Porter ar leathanaigh tosaigh na nuachtán sa bhliain 1933. Dúradh sna céad tuairiscí gur fhág sé an t-oileán i mbád beag agus gur tháinig stoirm fhíochmhar go luath i ndiaidh sin.
Sa chlár faisnéise seo do TG4, craolfar den chéad uair mír a taifeadadh de chara le Lucy Porter ag labhairt faoin méid a shíleann seisean a tharla do Kingsley, fear céile Lucy. Nochtfar sa chlár gur athraigh an milliúnaí a ucht go luath sular imigh sé gan lorg.
Timpeall an ama a ndeachaigh sé ar iarraidh bhí lionn dubh ar Kingsley Porter agus bhí sé faoi chúram an ghnéaseolaí chlúitigh Havelock Ellis a bhí lonnaithe i Londain. Mhol Ellis do Kingsley teagmháil a dhéanamh le fear óg agus thosaigh caidreamh collaí eatarthu, rud a rinne sé le beannacht a mhná. Go luath sula ndeachaigh sé ar iarraidh, d’admhaigh Kingsley Porter do Ellis go raibh imní air nach mbeadh an caidreamh ina rún go ceann i bhfad. Bhí homaighnéasacht mídhleathach ag an am.
Ar an 8 Iúil 1933, bhí Porter ag fanacht ina bhothán dhá sheomra ar Inis Bó Finne, cúig mhíle dhéag ó Chaisleán Ghleann Bheatha. Cúpla uair a chloig i ndiaidh dó dul ar iarraidh d’inis Lucy dá chara "Ní fhillfidh Kingsley anocht, ní fhillfidh Kingsley choíche."
Nochtadh leacht cuimhneacháin ar Inis Bó Finne anuraidh in ómós do gach aon duine a raibh baint acu leis an oileán a bhásaigh ar an fharraige. Níl ainm Arthur Kingsley Porter ar an leacht.
Dúirt Kevin Magee "Chuala mé scéal Arthur Kingsley Porter nuair a thosaigh mé ag tabhairt cuairt ar Inis Bó Finne thart ar fhiche bliain ó shin. D’inis muintir an oileáin an seanchas, na scéalta éagsula agus na teoiricí dom faoi cad é a shíl siad a bhain dó."
"De bharr go labhraím Gaeilge, mhothaigh mé go bhfuair mé tuiscint dhomhain ó mhuintir na háite ar ar chuala siad óna gcuid tuismitheoirí agus óna gcuid seantuismitheoirí agus iad ag fás aníos ar an oileán. Labhair mé leis an duine is sine de bhunadh an oileáin agus bhí cuimhne aici ar Porter a fheiceáil ag siúl ar an oileán, creideann sí go bhfacthas an milliúnaí thar lear i ndiaidh dó dul ar iarraidh.
"Nuair a nochtadh an leacht cuimhneacháin ar Inis Bó Finne anuraidh gan ainm Porter air shíl mé gurb é anois an t-am chun an scéal iontach seo a fhiosrú agus é a chur i láthair an lucht féachana náisiúnta.
"Nuair a d’imigh an Meiriceánach saibhir gan tásc ná tuairisc agus nuair nár thángthas ar a chorp riamh, thosaigh na ráflaí agus níor stop siad ó shin. Leis an chlár seo rinne mé iarracht an seanchas a scagadh agus na fíricí idir shean agus nua a fhiosrú agus an t-eolas uilig a thabhairt le chéile.
"Tá súil agam go mbeidh an lucht féachana ábalta a n-intinn féin a dhéanamh suas faoi cad é a bhain den mhilliúnaí Meiriceánach Arthur Kingsley Porter an lá sin ar imigh sé gan tásc ná tuairisc.
Deir stiúrthóir an chláir Méabh Fields "Is scéal den scoth é seo a insítear ar dhá thaobh an Atlantaigh, ó Inis Bó Finne go Meiriceá agus ar ais arís. Chomh maith le scéalaíocht den scoth beidh deis ag an lucht féachana athchruthú drámaíochta a fheiceáil den méid a tharla an lá cinniúnach sin nuair a d’imigh Kingsley Porter gan tásc ná tuairisc."
Craolfar ‘Ar Iarraidh’ ar an 7 Meán Fómhair ag 9.30pm ar TG4.