Labhair Gráinne Seoige le Áine, Siún agus Sinéad ar Bheo ar Éigean mar gheall ar an gclár nua atá á dhéanamh aici faoi shláinte na mban agus faoina gairm beatha ag tosú amach le TG4.

Tá Gráinne ag fiosrú scéal mheanapás na hÉireann i láthair na huaire, ó dhul i ngleic leis mar aistear eile i saol na mban chomh maith le fáil réidh leis an náire a bhaineann leis an tréimhse seo.

Cé go bhfuil dul chun cinn mór déanta ó thaobh na mban in Éirinn le tamaill anuas, deir Gráinne go bhfuil tabú ann go fóill maidir le meanapás.

Mar chuid den chlár seo a thaispeánfar ar TG4 le linn an Fhómhair, fiosraíonn Gráinne na dúshláin a bhaineann leis an meanapás chomh maith leis an tsaoirse a bhaineann leis.

Labhrann Gráinne san eagrán seo de Bheo ar Éigean faoin bhfeachtas feasachta a bhfuil sí ag súil a thiocfas as an gclár seo a chabhróidh ní hamháin le mná atá ag dul tríd an meanapás ach iad siúd atá timpeall orthu freisin.

Ag caint faoina cúlra sa teilifís, ach go háirithe, a luathlaethanta le TG4 nó TnaG mar a bhíodh air ag an am, dúirt Gráinne gur thug an taithí sin deis di dul i ngleic le gach saghas rud a d'fhéadfadh tarlú ina saol craoltóireachta.

Deir Gráinne go raibh TG4 riamh cróga mar chraoltóirí agus go ndéanann sé ciall go dtabharfaidís faoina leithéid de chlár i mbliana.

Éist le Beo ar Éigean Dé Domhnaigh ar RTÉ Radio 1 ag a 6 nó aon am pé áit fhaigheann tú do chuid podchraoltaí.