skip to main content

Féiniúlacht agus fréamhacha: Doireann Ní Ghlacáin faoi agallamh

Labhair Séamus Ó Scanláin le ceoltóir agus láithreoir Doireann Ní Ghlacáin ar an gclár An Chéad Ghlúin Eile ar RTÉ Raidió na Gaeltachta mar gheall ar a saol agus a saothar go dtí seo.

Ag déanamh cur síos uirthi féin, dúirt Doireann gur duine 'an-oscailte, réchúiseach' í atá dílís dá cuid fréamhacha. Tógadh Ní Ghlacáin san Ardchathair ach tá cúlra tuaithe ag a beirt tuismitheoir; Sorcha as Cúil Aodha, iníon Sheán Uí Riada agus Kevin as Dún na nGall.

Luaigh Doireann raibh béim riamh ar an gceol traidisiúnta agus an Ghaeilge ina teach sa bhaile agus tá a féiniúlacht féin múnlaithe ag an dá rud sin ó shin.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Éist siar le An Chéad Ghlúin Eile ar RTÉ Raidió na Gaeltachta