Níl Roibeárd Ó Luing ach hocht mbliana, ach is mór an seó chun galf é. Labhair sé ar an gclár An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina bhua.
Tá Roibeárd ag cleachtadh a cheirde le blianta beaga anuas i gCiarraí agus anois in áiteanna eile timpeall na tíre. Tháinig sé sa dara háit i gCuige Mumhan agus Éirinn le déanaí i gcomórtaisí gailf fé aois.
Thug Roibeárd treoracha do Helen ar an tslí is fearr le galf a imirt ón méid atá foghlamtha aige go dtí seo. Bhí Roibeárd 4 bliana d'aois nuair a thosaigh sé ag bualadh liathróide agus fuair sé clubs cearta nuair a bhí sé 5 bliana d'aois.

Bíonn an galfaire óg amuigh ag cleachtadh gach aon lá ar an gcúrsa atá taobh leis an áit ina bhfuil sé ina chónaí.
Éist leis An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08 agus 1.00