Tugann Laureate na n-Óg, Áine Ní Ghlinn a léirmheas ar 'Árasán' le hÓgie Ó Céilleachair, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht ar Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Údar é Ó Céilleachair a dhíríonn ar léitheoirí óga agus ar dhéagóirí. Múinteoir meánscoile é freisin, rud a thugann léargas dó ar shaol an dhéagóra agus iad ag dul tríd tréimhse chorraitheach.

Tá 'ábhar conspóideach' faoi chaibidil sa leabhar seo agus deir Ní Ghlinn gur do dhéagóirí níos sine agus mic léinn Ollscoile an leabhar seo toisc go bhfuil ábhar an leabhair féin dírithe ar thréimhse na hOllscoile.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Téann an leabhar seo i ngleic leis an náire a bhraitheann daoine nuair a scaiptear a gcuid íomhánnna príobháideacha ar líne.

Ag caint faoi charachtair an leabhair, thaitin roinnt mhaith dóibh go mór léi mar léitheoir ach bhraith sí go raibh duine nó beirt a d'fhéadfaí a fhorbairt níos.

Éist le Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 5 agus 6