Tá díomá léirithe ag Conradh na Gaeilge go bhfuil sé i gceist ag an Roinn Oideachais leagan amach na hArdteiste a athrú le go mbeidh daltaí ag tabhairt faoi Páipéar 1 den chúrsa ardteiste Gaeilge ag deireadh an chúigiú bliain.
Labhair Ard Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin gcinneadh seo a rinneadh gan saineolaithe oideachasúla a bheith ar bord leis. Fuair Conradh na Gaeilge an t-eolas seo amach tríd iarratas faoin Acht um Shaoráil Faisnéise ar cháipéis a deir siad a léiríonn nach bhfuil 'aon bhunús oideachasúil' leis.
Dúirt De Spáinn gur cinneadh 'polaitiúil' é seo agus nach raibh oideachas na ndaltaí mar thosaíocht ag na daoine a rinne an cinneadh seo. I ndeireadh na dála, tá Conradh na Gaeilge den tuairim go ndéanfaidh an cinneadh seo dochar don Ghaeilge sa chóras oideachais.
Mhínigh Julian nach raibh múinteoirí, ceardchumainn nó COGG san áireamh sa phróiséas chomhairliúcháin a tharla leis an gcinneadh seo a dhéanamh.
Éist le Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 8 agus 9.