Ar an gclár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, roghnaigh éisteoirí an chláir an áit is fearr in Éirinn mar chuid den chomórtas Seoid na hÉireann.
Mar chuid den chomórtas, labhair ambasadóirí na n-áiteanna a bhí ar an ngearrliosta mar gheall ar áilleacht agus tábhacht na n-áiteanna seo. Ar deireadh, i ndiaidh breis agus míle vóta, ba iad seo na háiteanna a bhí ar bharr an liosta:
Sliabh an Earagail, Contae Dhún na nGall
An Blascaod Mór, Contae Chiarraí
agus na hOileáin Árann.
Ar deireadh, d'fhógair Tristan Rosenstock gurb iad na hOileáin Árann a tháinig sa chéad áit sa vóta poiblí.
Ba iad Diane Ní Fhlatharta, Diarmuid Ó Gallchóir agus Lorcán O Cinnéide a labhair ar son na gceantar a bhí ag barr an liosta.
Éist le Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 5 agus 6