B'éigean an dá chos a bhaint de mháthair óg as Indreabhán, Eilís Ní Chonghaile, nuair a d’éirigh sí an-tinn go tobann i mí Feabhra na bliana seo.
Mhínigh sí an méid a tharla di do Threasa Bhreathnach ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus faoi na dúshláin atá roimpi anois agus gan aon chúram baile faighte aici go fóill de bharr ganntanas foirne
Dúirt Eilís go raibh deacrachtaí le pianta droma agus sciatica aici le ceithre bliana, ach go tobann i mí Feabhra na bliana seo gur imigh an mhothú as na cosa agus ní raibh sí in ann siúl. Cuireadh isteach díreach chuig an ospidéal í.
"Bhí faitíos orm, ach fós fhéin shíl mé go raibh an disk i mo dhroim imithe, níor chuimhnigh mé riamh go raibh tada níos mó ná sin ann."
"Ní raibh mé istigh ann ach b’fhéidir uair go leith nuair a dúirt siad liom 'We’re going to get a vascular surgeon down to talk to you.’Níor thuig mé sin, tháinig mé isteach le pian i mo dhroim agus sciatica, nach b’shin é do chroí ... Tháinig an surgeon agus bhí sí ag brú mo chosa ach ní raibh mise dá aireachtáil."
"Ní raibh tada ach daoine timpeall orm. Tíocht is ag imeacht. Tógáil blood tests ag tógáil chuile chineál rud. Ag cur meaisíní ar mo chuid cosa."
"Tháinig an consultant agus dúirt sé tá muid dhul tú a thabhairt isteach i surgery. Tharla chuile shórt chomh scioptha sin. Ach fós, níor chuimhnigh mé tada air. Níor cheap mé go brách go raibh sé dhul a bheith serious."
San agallamh ar Iris Aniar maidin Dé hAoine, mhínigh Eilís gur téachtáin fola sna cosa an fhadhb a bhí ann, ach ar an drochuair, níor oibrigh an cóir leighis a cuireadh ar dtús uirthi chun an brú sna cosa a laghdú, agus b’éigean an dá chos a bhaint sa deireadh. Ní cuimhin léi mórán faoi, ach amháin gur labhair an máinlia léi théis an chéad obráid agus gurb éigean dí foirm a shíniú.
"Dúirt sé nuair a tháinig mé ar ais ón gcéad surgery an chéad uair nuair a ghearr sé chaon taobh é, dúirt sé liom nár oibrigh sé i gceart agus go raibh faitíos air go mb’fhéidir go gcaithfeadh sé é a dhéanamh (an chos a bhaint), sin é an méid ar cuimhneach liom. B’éigean dom rud éigin a shíniú le rá go raibh sé ceart go leor é a dhéanamh."
"Is cuimhneach liom a rá leis is cuma liom céard a chaithfeas tú a dhéanamh, ach déan cinnte go ndúiseoidh mé do mo chuid gasúr, sin é an méid a dúirt mé leis, agus ní cuimhneach liom ar thada eile go dtí go bhfaca mé mo Mhama agus m’iníon ag seasamh os mo chionn agus b’shin cúpla lá ina dhiaidh. Bhí mé bailithe tríd cúpla surgery an t-am sin agus ní raibh fhios agamsa tada faoi."
Théis na hobráide, deir Eilís go raibh sí ceart go leor.
"Bhí mé alright, bhí mé fine – bhí sé thart agam agus bhí mé mo dhúiseacht, sin é an méid a bhí ag cur isteach orm, go mbeinn ann le haghaidh mo dhá ghasúr."
"Sin é an méid a d’iarr mé ar an consultant. Tháinig sé agam nuair a bhí mé tagtha ar ais agam fhéin ceart agus bhí deora ina chuid súile aige agus dúirt sé tá mé sorry. Dúirt mé cén fáth a bhfuil tú sorry agus dúirt sé nach raibh mé in ann iad a shábháil, agus dúirt mé ‘an ndearna tú an rud a d’iarr mé ort’ agus dúirt sé céard é sin agus dúirt mé ‘ar iarr mé ort le bheith cinnte go ndúiseoinn arís’, bhuel dúirt agus tá tú do dhúiseacht, mar sin rinne tú do job, sin é an méid a d’iarr mé ort. Ba chuma liom cén méid a thóg sé uaim."

"Deir daoine go bhfuil mé láidir, níl mé láidir, murach an dá ghasúr atá sa bhaile agam ní bheinn anseo ... go raibh fhios agam go raibh siad sa mbaile agus go raibh orm troid. Sin é an reason go bhfuil mé anseo."
Tá sé dúshlánach di mar sin féin, agus í ar ais sa bhaile anois le coicís anuas, agus gan aon chúramóir baile faighte aici go fóill.
"Tá an lá fada, tá sé deacair. Caithfidh tú bheith ag brath ar dhaoine eile le chuile shórt a dhéanamh duit."
"Tá uaireanta cúram baile agam le líonadh ach níl mé in ann iad a fháil faoi láthair mar gheall ar ghanntanas daoine len’iad a líonadh ... Tá mé ag brath ar Mhama agus ar Dheaide agus ar na bheirt gasúir le rudaí a dhéanamh dom."
"Tá waiting list ann agus mar gheall go bhfuil mé in ann cúpla rud a dhéanamh ó thaobh aire a thabhairt dom fhéin – mé fhéin a níochán agus rudaí - ós rud go bhfuil mé in ann an méid sin a dhéanamh ní high priority atá ionam.Dá dteastódh cúnamh uaim leis na rudaí sin a dhéanamh, b’fhéidir go mbeadh duine faighte agam."
Dúirt sí go raibh sí thar a bheith buíoch don tacaíocht óna tuismitheoirí agus a clann.
"Murach iad bheinn caillte, dáiríre, bheadh.Ní amháin mise atá bailithe tríd seo.Chuaigh mise tríd an phian ach chuaigh siadsan tríd chuile shórt freisin.Ní raibh lá ar bith nár mhisseáil siad. Bhí siad istigh chuile lá beo agam.Bhí an phian ormsa ach chuaigh siad seo iad fhéin tríd chuile shórt."
Tá súil ag Eilís cos bhréagach a fháil, agus b’fhéidir an dara ceann freisin.Tá feachtas Gofundme socraithe ag a clann chun cuidiú leis na costaisí atá orthu, agus is féidir tacú leis ag https://gofund.me/ee73b116
Bhí Eilís Ní Chonghaile faoi agallamh ar Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé hAoine.