skip to main content

Ros na Rún ag filleadh le scéalta dramatúla agus téamaí tráthúla

"Is in am agus i dtráth is fearr díoltas a bhaint amach" agus tá lucht leanta dílis shraith drámaíochta TG4, Ros na Rún, ag tnúth go mór le filleadh Shéasúr 27 chun a fháil amach cén saghas díoltais a bhainfear amach ar Bhriain nó a bhainfidh sé féin amach!

An cheist mhór a bheas ag lucht leanta dílis Ros na Rún na cé chomh sábháilte atá Berni agus a leanbh iníne nuabheirthe? Tosóidh rudaí ag teacht chun solais ar an Máirt, 6ú Meán Fómhair, nuair a thiocfaidh an chéad séasúr eile ar scáileáin TG4.

Duine síocóiseach atá an-tógtha leis féin is ea Briain, agus níl rud ar bith nach ndéanfaidh sé chun an ní atá uaidh a fháil, is é sin ceannas a bheith aige ar Bherni agus ar a leanbh iníne. Tá Berni scanraithe agus den chéad uair riamh beidh sí cineál sásta a deartháir a bheith mar thaca aici in ainneoin an chaill atá air. An mbeidh aon suaimhneas i ndán do Bherni i Séasúr 27? An mbeidh deis aici anáil a tharraingt agus díriú isteach ar a leanbh iníne nuabheirthe gan a bheith seasta faoi imní agus ag smaoineamh ar an gcéad chor eile a bheas ag Briain? An mbeidh dúnmharú eile le fiosrú ag an nGarda Tony agus ag an Sáirsint O'Shea? Tá séasúr gnóthach eile againn i mbaile beag na rún.

Chomh maith le snáitheanna scéil atá drámatúil agus an-chorraitheach, ní bhíonn Ros na Rún riamh gan rómánsúlacht agus gáire, agus ag deireadh an tséasúir seo caite bhí fíor-rómánsaí an bhaile, Bobbi Lee, thar a bheith trína chéile. An bhrídeach ghleoite ina gúna pósta ach a grúm, Niall álainn, ar iarradh! Feicfidh an lucht féachana Bobbi Lee agus í ag lorg a grá geal ach cén chuma a bheas ar Niall nuair a gheobhaidh sí é agus an mairfidh siad saol sona sásta ina dhiaidh sin? Gheobhaidh an lucht féachana an scéala sa gcéad eipeasóid, agus ní bheidh Mack gan roinnt aiféala dá chuid féin ach an oiread! An mbeidh póstaí ag tarlú i séasúr 27 agus an éireoidh le Michael a fháinne gealltanais a chur ar mhéir Laoise? Ní bhíonn easpa drámaíochta riamh i Ros na Rún agus beidh go leor de sin á sholáthar do lucht leanta Mhichael agus Laoise freisin.

Tugann séasúr 27 chun cinn an croílár dílseachta i gcairdis agus i gcaidrimh de réir mar a théann deighiltí an tséasúir seo caite idir Bobbi Lee agus Berni i méid nuair a léirítear cé hé athair leanbh iníne Bherni, rud a bhaineann suaitheadh as Bobbi Lee. Tar éis a bhfuil tarlaithe eatarthu féin agus le Andy agus Brian, an bhfuil deireadh go hiomlán le cairdeas na gcailíní agus an mbeidh siad in ann a chéile a thrust aríst?

Craoltar é ar TG4 gach Máirt agus Déardaoin ag 8.30pm, bíonn ollchlár le feiceáil tráthnóna Dé Domhnaigh ag 7.30pm agus tá sé ar fáil ar sheinnteoirí TG4 agus RTÉ ar fud an domhain.