skip to main content

Teaghlaigh roghnaithe le bogadh go hInis Meáin

Labhair Mairéad Ní Fhathartha ar Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin bplean a bhí ann cúpla teaghlach a bhogadh go hInis Meáin saor in aisce don bhliain.

D'oibrigh Ní Fhathartha le Comhlacht Forbartha Inis Meáin le teaghlaigh a aimsiú a bhogfadh chuig an oileán ar feadh bliana agus dúirt sí go bhfuair siad na mílte iarratas ó theaghlaigh ar fud na hÉireann.

Teach amháin a bhí i gceist ar dtús, a mhínigh Ní Fhatharta ach mar go raibh an oiread éileamh ar an bplean, d'éirigh leo an dara teach a aimsiú don dara teaghlach. Dár ndóigh, bhí tosaíochtaí áirithe ag an gComhlacht Forbartha a bhí le comhlíonadh ag an dteaghlach a fuair an áit agus ar bharr an liosta sin bhí an Ghaeilge.

Teaghlach as Contae na Mí a roghnaíodh agus beidh siadsan, a gcúigear páistí (cúpla ina measc) ag bogadh isteach chuig an oileán go luath agus iad ag súil go mór leis an gcaibidil nua ina saol.

Éist le Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine óna 9.15am