Labhair Hector Ó hEochagáin ar an gclár Iris Aniar faoina chlár nua a bhéas le feiceáil ar TG4 an fómhar seo, Ó Bhaltics go Balkans.
Deir fear chontae na Mí go dtaispeánfaidh an clár nua seo Ó Bhaltics go Balkans an 'taobh eile' den Eoraip nach raibh mórán eolais againn air go dtí gur thosaigh an cogadh san Úcráin ann i mí an Mhárta.
Mhínigh Hector go raibh seisean agus a chriú gar don teorainn leis an Úcráin nuair a thosaigh an cogadh agus iad i mbun taifeadta. Dúirt Hector go bhfuil drogall orainne atá in iarthar na hEorpa faoin taobh eile den Eoraip agus go bhfuil sé ag súil go n-athróidh an clár seo ár meon ina leith. 'Beidh sé difriúil', a dúirt sé.

Ag déanamh cur síos ar an gclár, deir Hector go bhfuil an tsraith 'spleodrach, suimiúil, cultúrtha'
Éist le Iris Aniar ón Luan go hAoine ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ag 9.15