Dé Céadaoin an 24 Lúnasa ag 9.30pm ar TG4
Amhrán le Brendan Behan in ómós Mhichíl Ó Coileáin, aistrithe, curtha le ceol síoraí le Mikis Theodorakis, a bhí ina aintiún le linn an troda ar son an daonlathais sa Ghréig. Is aintiún i gcónaí é.
Is é An Buachaill Gealgháireach scéal suntasach amhráin nár insíodh riamh. Amhrán Éireannach dar teideal The Laughing Boy a scríobh reibiliúnach de dhéagóir darbh ainm Brendan Behan, in ómós reibiliúnach aitheanta eile, Micheál Ó Coileáin - a bhfuil céad bliain ó básaíodh é á chomóradh i mblianaar an 22 Lúnasa.
Ach bhí saol suaithinseach agus drámatúil eile ag an amhrán seo freisin, mar amhrán dar teideal To Yelasto Paidi, arb aintiún cumhachtach frithbheartaíochta den eite chlé é i gcoinne na deachtóireachta a rialaigh an Ghréig ag deireadh na seascaidí agus tús na seachtóidí. Rinne an file Vassilis Rotas focail Behan a aistriú go Gréigis, agus cuireadh iad le ceol leis an gcumadóir mór le rá, Mikis Theodorakis, an cumadóir is cáiliúla riamh as an nGréig. Tá cumhacht chultúir sheasmhach láidir ag baint leis an amhrán fós i gcroí mhuintir na Gréige sa lá atá inniu ann.
Tugtar an file Theo Dorgan ar aistear dá chuid féin sa scannán, agus é ag féachaint le fírinne scéal an amhráin a nochtadh. Is scéal é a thugann tús tragóideach agus fuilteach na hÉireann sa Nua-aois agus na Gréige sa Nua-aois araon le chéile. Ach tá na startha sin ceangailte le chéile le rud éigin atá níos doimhne agus níos tarchéimnithí - is é sin an chumhacht atá ag amhrán.
Mar a deir Theo sa scannán, cuirtear rudaí speisialta ar leith in iúl i leagan na hÉireann agus i leagan na Gréige araon: "...Smaoineamh éigin, b'fhéidir, den reibiliúnach síoraí, ar léiriú é, ar bhealach éigin, ar éirí amach i gcoinne na tíorántachta a chuireann srian ar a bhfuil i ndán do dhuine, na fórsaí a mbíonn claonadh acu i gcónaí agus i ngach áit an flosc chun na beatha agus an tsamhlaíocht atá sa duine a chur faoi chos, nó deireadh ar fad a chur leis..."
Is é atá sa scannán freisin, a ndearnadh scannánú air in Éirinn, sa Fhrainc agus sa Ghréig, taibhithe ó roinnt ceoltóirí na hÉireann - lena n-áirítear Andy Irvine, Donal Lunny, MayKay, Liam Ó Maonlaí agus David Power agus ceoltóirí agus amhránaithe mór le rá as an nGréig, a bhfuil Maria Farantouri i measc na gceoltóirí is iomráití acu, a thugtar ónóir di ar fud an domhain ina príomhléirmhínitheoir d’amhráin Theodrakis.
Arna scríobh agus arna chur i láthair ag Theo Dorgan
Dé Céadaoin an 24 Lúnasa ag 9.30pm ar TG4