Bhí An Saol Ó Dheas i láthair i dTrá Lí, don fhéile is mó sa bhaile i gCiarraí, Rós Thrá Lí. I measc na ndaoine a labhair ar an gclár bhí láithreoir an chláir, Dáithí Ó Sé agus Mary Kennedy, moltóir na féile.
Dúirt Dáithí cé go bhfuil obair mhór ar siúl i mbaile Thrá Lí le seachtain anuas, is é an chloch is mó ar a phaidrín ná na Rósanna a chur ar an gcompord sula dtugann siad aghaidh ar an stáitse.
Cé nach raibh an fhéile ar siúl le trí bliana anuas, deir Dáithí go bhfuil 'spiorad na féile' le brath timpeall an bhaile i ngach aon áit.
Táimid anseo i lár an aonaigh in óstán an @MeadowlandsHot agus @daithi_ose ag prapáil do @RoseofTralee_ na hoíche anocht. Bí linn idir a 12.10-1 ar @RTERnaG pic.twitter.com/Xa0ItzSpoo
— Saol ó Dheas RnaG (@saolodheas) August 22, 2022
Ag labhairt ar a post, mar mholtóir, dúirt Mary Kennedy nach bhfeiceann an lucht féachana ach blaiseadh de na Rósanna ach go gcuireann a leithéid an-aithne orthu le linn na seachtaine. Luaigh Mary go bhfuil siad ag súil le 'vibes' a fháil ón mbean a roghnófar. Deir sí go bhfuil go bhfuil siad ar thóir bean stuama, muiníneach agus a bhfuil comhbhá inti.
An moltóir Mary Kennedy linn ag trácht ar na 'vibeanna' agus na tréithe a bhíonn á lorg acu ins na Rósanna ag @RoseofTralee_ @RTERnaG pic.twitter.com/SlWDWxaGHS
— Saol ó Dheas RnaG (@saolodheas) August 22, 2022
Éist leis An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08 agus 1.00