Den chéad uair le trí bliana, bhí deis teacht le chéile chun sceideal fómhair TG4 a sheoladh ag ócáid do na meáin sa Guinness Storehouse i mBaile Átha Cliath inniu. Ceiliúradh ar na téamaí 'Comrádaíocht, Cruthaitheacht, agus Comhar na gComharsan' atá sa sceideal nua agus iad le brath sna cláracha cumhachtacha fíorasacha, ealaíon agus cultúir, an ‘súil eile’ ar spórt na hÉireann, dráma nua do dhaoine óga agus scannáin Ghaeilge den chéad scoth i bpictiúrlanna ar fud na cruinne.
Dúirt Ard-Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont,"Is ionann ábhar sheoladh an fhómhair i mbliana agus léiriú ar an muinín agus ar an uaillmhian a bhaineann le Fís TG4 Tar Éis Covid.
Fáiltíonn TG4 roimh fhoilsiú Thuarascáil an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán ina moltar go mbunófaí coimisiún ar na meáin Ghaeilge. Fáiltíonn TG4 roimh an moladh seo ach níor cheart é a úsáid mar leithscéal chun moill a chur ar infheistíocht sna meáin Ghaeilge atá againn cheana féin.
Agus an Ghaeilge ina céad teanga Stáit agus anois ar cheann de theangacha oifigiúla na hEorpa, ba chóir go mbeadh Stát na hÉireann ina eiseamláir do mhionteangacha eile na hEorpa. Seachas sin, tá baol ann go ndéanfaidh an Stát damáiste dá cháil sa réimse sin, á léiriú féin mar sprionlóir ar nós cuma liom atá ag iarraidh an dallamullóg a chur ar chách. Maidir leis na meáin chumarsáide, faigheann na craoltóirí Breatnaise agus Bascaise a dhá oiread maoiniú poiblí le TG4.
Sa chlár An Buachaill Gealgháireach, inseoidh Theo Dorgan an scéal a bhaineann leis an amhrán ‘The Laughing Boy’ a scríobh Brendan Behan i gcuimhne ar Mhícheál Ó Coileáin. Craolfar an clár Dé Céadaoin mar chomóradh céad bliain a bháis. Sa chlár Ar Lorg na Fírinne, leanfar teaghlaigh íospartaigh na coimhlinte sna sé contae agus iad ag iarraidh teacht ar an bhfírinne faoi bhás a ndaoine muinteartha. Déanfar iniúchadh ar na Lochlannaigh trí shúile bheirt sclábhaí as Éirinn, Findan agus Melkorka i gclár nua dráma faisnéise Íospartaigh na Lochlannach. Seolfar sraith nua cúrsaí reatha Iniúchadh TG4 ina ndéanfaidh an t-iriseoir Kevin Magee iniúchadh níos doimhne ar bhun agus barr na gceannlínte.
Tabharfaidh triúr ban misniúil faoi ghnéithe éagsúla de shaol na mban in Éirinn a scagadh. Déanfaidh Gráinne Seoige iniúchadh ar an athrú saoil agus ar an gcaoi a gcaitear leis sa tír seo i Meanapás: Meon Nua agus súil aici feachtas a thosú chun polasaí náisiúnta meanapáis a chur i bhfeidhm. Labhróidh Mary Kennedy faoi gach ghné de bheith ag dul in aois agus faoin tionchar atá aige sin ar mhná sa chlár Mary Kennedy: Fad Saoil agus beidh Síomha Ní Ruairc ag plé leis an gcaidreamh atá ag mná óga le híomhá colainne sa chlár Síomha: Idir Anam ‘Is Chorp.
Beidh Hector thar sáile arís tar éis 18 mí a chaitheamh ag baile agus aghaidh á thabhairt aige ar thuras ó na Balcáin in Oirthear na hEorpa go dtí an réigiún Baltach sa tsraith Hector Balkans go Baltics. Beidh Breanndán Ó Beaglaoich agus a mhac Cormac ar an mbóthar ag lorg an cheoil ó Chorcaigh go Cill Mhantáin ina veain campála, Beauty, i sraith nua de Slí na mBeaglaoich. Rachaidh Doireann Ní Ghlacáin ag cuardach chroí an cheoil i gceantair nach bhfuil chomh haitheanta sin i dtaobh an cheoil thraidisiúnta i sraith nua Ceolaireacht.
Beidh Rugbaí Beo ar ais ar an 17 Meán Fómhair le Craobhchomórtas Rugbaí Aontaithe agus beidh craoladh eisiach den Chluiche Ceannais ar TG4 an séasúr seo. Gheobhaidh Gráinne McElwain amach faoi choirn éagsúla CLG a bhronntar ar fud na tíre i sraith nua Scéalta na gCorn.Tá Underdogs ag lascadh na gcamán i mbliana agus beidh súil ag na roghnóirí Jamie Wall, John Allen agus Claire O’Connor teacht ar scuad fear atá cumasach agus díocasach le haghaidh a thabhairt ar cheann de na foirne iomána is fearr sa tír. Leanfar leis an aicsean is fearr ó CLG ar GAA Beo.
Den chéad uair riamh, beidh deis ag an bpobal iomaitheoir óg as Éirinn a roghnú don Junior Eurovision a bheidh ar siúl i mbliana san Airméin.