skip to main content

Cruthaitheacht chonspóideach agus comhthéacs

Phléigh painéal an Luain ar Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an chonspóid a bhaineann leis an múrphictiúr a nochtaíodh i mBéal Feirste le déanaí. Seo an comhthéacs a thug beirt bhan atá ina gcónaí sna sé chontae.

Is iad Edel Ní Chuirreáin, Iriseoir i mBéal Feirste agus Grian Ní Dháimhín a labhair faoi thábhacht chomhthéacs a thabhairt don díospóireacht a dhéantar faoi Fhéile an Phobail.

Deir Edel go bhfuil sé riachtanach go dtuigeann daoine ar an dá thaobh den teorainn gur bunaíodh an fhéile seo le dul i ngleic le círéibeacha agus imeachtaí trodacha eile. Luaigh Ní Chuirreáin freisin más tríd ealaíon agus amhráin atá muintir na sé chontae in ann iad féin a chur in iúl go bhfuiltear ag dul 'sa treo cheart'.

Maidir le tuairim roinnt daoine i leith an PSNI, deir Edel go bhfuil mímhuinín ag daoine óga sa bhfórsa póilíneachta agus gur sin an chúis go mbeadh an ealaíon ag léiriú na mímhuiníne seo.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Luaigh Grian go bhfuil sé tábhachtach a thabhairt faoi deara gur siombal iad na gípeanna de chuid an PSNI agus nach duine sa bhfórsa poilíneachta aonair a bhí sa mhúrphictiúr.


Éist le Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 5 agus 6