skip to main content

Rugbaí na mBan ar TG4

Ag tosú Dé Sathairn, 20 Lúnasa, craolfar dhá chluiche de chuid na hÉireann v an tSeapáin ar TG4.

Fuair foireann na hÉireann cuireadh ó Rugbaí an Domhain cabhrú leis an tSeapáin ullmhú do Corn an Domhain sa rugbaí. Rachaidh foireann ban na hÉireann urraithe ag Aon go dtí an tSeapáin chun aghaidh a thabhairt ar mhná na Seapáine i sraith dhá thriail. Craolfar Rugbaí na mBan Beo ar an 20 Lúnasa agus an 27 Lúnasa ar TG4, léirithe ag Iris Productions.

Osclóidh Éire an tSraith in aghaidh na Seapáine ag Staid an Ecopa i Shizuoka Dé Sathairn 20 Lúnasa (7pm am áitiúil/11am am na hÉireann) agus beidh an t-aicsean beo ar TG4 agus TG4.ie óna 10:40am. Ansin bogfaidh foireann Nichola Fryday ar ais go Tóiceo áit a dtabharfaidh siad aghaidh ar an tSeapáin sa dara triail agus ag Staidiam Rugbaí íocónach Chichibunomiya Dé Sathairn 27 Lúnasa (7pm am áitiúil/11am am na hÉireann).

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Beo ar TG4 ó 10:40a.m.

Dé Sathairn 20 Lúnasa: Éire v an tSeapáin, Staid an Ecopa, Shizuoka – 7pm am áitiúil/11am am na hÉireann.

Dé Sathairn 27 Lúnasa: Éire v an tSeapáin, Staidiam Rugbaí Chichibunomiya, Tóiceo – 7pm am áitiúil/11am am na hÉireann.

Dúirt Rónán Ó Coisdealbha, Ceannasaí Spórt TG4, "Tar éis clúdach rathúil an tséasúir seo caite ar Chluiche Ceannais Rugbaí na mBan de chuid Energia agus ar Chraobh Idirchúige Vodafone na mBan, tá an-áthas ar TG4 clúdach beo a chur ar fáil don lucht féachana ar na cluichí idirnáisiúnta seo."