skip to main content

Seoid na hÉireann: Na hOileáin Árainn

Tá an clár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ag fiosrú na n-áiteanna is deise in Éirinn. Deir Diane Ní Fhlatharta gurb iad Oileáin Árainn an áit is deise.

Ag caint ar na hoileáin ar fad agus an phearsantacht éagsúil atá ag na hoileáin, Inis Mór, Inis Meáin agus Inis Oírr. Cé go bhfuil ceangail an-láidir idir na hoileáin, deir Diane go bhfuil siad éagsúil óna chéile.

An cur síos is fearr a bhí ag Diane ar na hoileáin ná 'tá greim ag na hoileáin ort'.

Deir Diane go bhfuil na hOileáin Árainn foirfe dóibh siúd atá ag iarraidh dul ar laethanta saoire leo féin, in lánúin nó le clann mar go bhfuil go leor le déanamh ann agus bealaí éagsúla le tabhairt faoi.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Ná déan dearmad go bhfuil vóta poiblí ar siúl leis an áit is fearr le hÉireannaigh anseo, ar leathanach Facebook RTÉ Raidió na Gaeltachta, ar chuntas Twitter Tús Áite.

Éist le Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 5 agus 6 Luan go hAoine.