skip to main content

Tithíocht agus teanga: The Man with The Moving House

Labhair Breanndán Ó Beaglaoích ar an gclár ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta mar gheall ar an gclár The Man with The Moving House ar RTÉ One, Déardaoin, 25 Lúnasa ag 10.15pm.

Insíonn an clár seo scéal Bhreanndáin, a bhí siar agus aniar le Comhairle Chontae Chiarraí ar feadh breis agus deich mbliana ar thóir cead pleanála do theach ar a thalamh.

Ag caint ar an gclár, deir Breanndán go bhfuil sé ag súil le go dtosófar comhrá as an méid atá ann maidir le cearta tithíochta ní hamháin sa Ghaeltacht ach i gceantair tuaithe trí chéile.

Cé go bhfuil cead faighte anois ag Breanndán teach a thógáil i mBaile na bPoc, deir sé go mbaineann an fhadhb seo le an iomarca cumhachta a bheith ag na daoine a dhéanann cinneadh faoi phleanáil gan coinníollacha eile a thabhairt san áireamh, mar shampla an Ghaeilge agus cúrsaí cultúrtha.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Tá Breanndán den tuairim go bhfuil na dúshláin atá roimh an nGaeltacht ceangailte leis na cinntí a dhéantar maidir le tithíocht.

Éist leis An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08-1.00