Léiríonn na staitisticí is déanaí ó Eurostat gur mhéadaigh astaíochtaí carbóin 20% sa chéad cheathrú den bhliain seo in ainneoin spriocanna an rialtais.
Labhair Micheál Ó Cinnéide, Iar-Stiúrthóir an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, ar an gclár Tús Áite faoi impeachtaí an teip seo.
Dúirt Mícheál go gceapann sé go bhfuil sé áiféiseach a bheith ag súil go mbainfidh muid amach na spriocanna a leag an rialtas thíos. Luaigh Ó Cinnéide go bhfuil roinnt cúiseanna nach bhfuil ag éirí linn ár gcuid spriocanna a bhaint amach agus an chéad chúis a luaigh sé ná nach bhfuil díospóireacht ionraic ar bun ó aon taobh maidir leis na himpleachtaí a bhéas ag na spriocanna seo ar phobal na tíre seo.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Deir Mícheál go mbaineann cuid mhór de na hathruithe atá ag teastáil sa tír seo le hathrú meoin sa phobal i leith athrú aeráide. Beidh na hathruithe atá romhainn deacair agus crua orainn agus deir sé go bhfuil drogall orainn aghaidh a thabhairt orthu.
Éist le Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 5 agus 6.