skip to main content

Seoid na hÉireann: Sceilg Mhíchíl

Tá an clár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ag fiosrú na n-áiteanna is deise in Éirinn. Mar chuid den tsraith seo, deir Paddy Bushe gurb í Sceilg Mhíchíl an áit is deise in Éirinn.

Ag caint ar an oileán speisialta seo, deir Paddy Bushe atá lonnaithe in Uíbh Ráthach, go bhfuil an oileán beag seo draíochtúil, sceirdiúil, osnádúrtha a tharraingíonn an súil agus mian do chroí.

Ag caint ar an mainistir atá ar an oileán seo, áit a raibh manaigh ag maireachtáil ar feadh sé chéad bliain, deir Paddy go gcuireann seo le mistéir na háite, trí chéile.

Éist anseo le Diarmuid Ó Gallachóir ag caint faoi áilleacht an Earagail i gContae Dhún na nGall

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Ná déan dearmad go bhfuil vóta poiblí ar siúl leis an áit is fearr le hÉireannaigh anseo, ar leathanach Facebook RTÉ Raidió na Gaeltachta, ar chuntas Twitter Tús Áite.

Éist le Tús Áite ón Luan go hAoine ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 5 agus 6