Tá an clár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ag fiosrú na n-áiteanna is deise in Éirinn. Mar chuid den tsraith seo, deir Alan Titley gurb é Guagán Barra i gcontae Chorcaí an áit is fearr leis.
Ag caint ar Ghuagán Barra, deir Titley gur áit fíorspeisialta í, áit álainn, suaithinseach, cuanna, síochánta. Dúirt sí go mbeadh sé deacair d'éinne teacht ar áit níos síochánta ná é in Éirinn.
Éist anseo le hAengus Mac Grianna ag caint faoi Bhrú na Bóinne, mar chuid den tsraith chéanna.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Ná déan dearmad go bhfuil vóta poiblí ar siúl leis an áit is fearr le hÉireannaigh anseo, ar leathanach Facebook RTÉ Raidió na Gaeltachta, ar chuntas Twitter Tús Áite
Éist le Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 5 agus 6.