Chuir Anraí Ó Domhnaill, Ambasadóir do Shábháilteacht uisce na hÉireann comhairle orthu siúd a bhéas ag snámh san fharraige ar an gclár Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Tá rabhadh a thabhairt ag Anraí O Domhnaill, atá ina Ambassadóir ag Sabhailteacht Uisce Éireann do dhaoine a bheith cúramach agus iad ag snámh san fharraige nó i locha agus aimsir the tuartha an tseachtain seo.
Labhair Anraí faoin tábhacht a bhaineann le heolas a fháil ar an áit a dtéann siad ag snámh, sula dtugann siad faoin uisce. Mhol Anraí ullmhúchán a dhéanamh ar nós an trealamh a theastaíonn uait a thabhairt leat sula bhfágann tú an teach, fiú.
Mhol sé freisin gur fiú snámh in áiteanna a bhfuil Gardaí tarrthála ar dualgas chomh maith le haird a thabhairt ar na marcanna san uisce.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Mhol sé do dhaoine labhairt le muintir na háite faoin áit is fearr le bheith ag snámh agus súil a choinneáil ar an lán mhara agus gan a bheith ag snámh faoi thionchar an óil nó faoi thionchar drugaí.
Éist le Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 11.08 agus meánlae.