Tugann Áine Ní Ghlinn a léirmheas ar 'Do Chodladh Beag' le Dr Anne Marie Crowe agus ‘An Slipéar Gloine’ le Fearghas Mac Lochlainn agus Paddy Donnelly ar an gclár, Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Is í Áine Ní Ghlinn atá ceaptha ina Laureate na n-Óg agus a roinnt a tuairimí ar an dá leabhar seo. Ag caint faoin leabhar Do Chodladh Beag, deir Ní Ghlinn gur dochtúir í an t-údar, Dr Anne Marie Crowe agus gur scríobh sí leabhar le leanaí atá ag dul isteach chuig an ospidéal a ullmhú agus a chur ar a gcompord.

Is leabhar é seo atá lán le heolas tábachtach chomh maith le pictiúrí a thugann eolas cruinn don léitheoir.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Ag tabhairt a tuairimí ar an An Slipéar Gloine, athleagan de Cinderella le Fearghas Mac Lochlainn agus Paddy Donnelly deir sí gur leabhar álainn é ina léimeann na pictiúir amach dóibh siúd atá ag léamh. Molann Ní Ghlinn an teach foilsitheoireachta, Futa Fata mar go dtuigeann siad cén chaoi le daoine óga a mhealladh i dtreo na léitheoireachta.

Éist le Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 5 agus 6.