skip to main content

Thriftify ag dul ó neart go neart

Labhair bunaitheoir Thriftify, Rónán Ó Dálaigh ar an gclár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta mar gheall ar dul chun cinn na comhlachta le déanaí.

D'fhógair an fiontar sóisialta Thriftify go bhfuil siad le 20 post nua a chruthú agus go bhfuil infheistíocht nua €1.6 milliún faighte ag an gcomhlacht.

Oibríonn Thriftify le carthanachtaí atá ag iarraidh a gcuid earraí a dhíol ar líne. Seirbhís uilíoch í an tseirbhís seo a deir Ó Dálaigh a chabhraíonn le carthanachtaí ar go leor bealaí ó na táirgí a chur i láthair ar líne go dtí seachadadh na dtáirgí.

Ón uair gur bhunaigh Ó Dálaigh an comhlacht, ceithre bliana ó shin, tá fás ollmhór tagtha ar an gcomhlacht agus faoi láthair, tá 30 duine fostaithe ag an gcomhlacht agus beidh scór duine sa bhreis ag obair dóibh amach anseo leis an infheistíocht nua seo.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Deir Ó Dálaigh go bhfuil athrú feicthe aige ar an tslí go bhféachann muid ar earraí dara láimhe anois agus go bhfuil éileamh anois ar na hearraí. Tá seirbhís den chineál seo ag teastáil a deir Rónán, mar go bhfuil an múnla atá in úsáid againn briste ó thaobh chúrsai faisin, ach go háirithe.

Éist le Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 5 agus 6