skip to main content

Éist siar: An Saol Ó Dheas beo ó Rinn Ua gCuanach

Bhí siad ag craoladh beo ó Rinn Ua gCuanach, agus bhí an clár dírithe ar thábhacht an spóirt sna Déise in ómós do Dhóirín Mhic Mhurchú. Thosaigh Dóirín ag obair mar thuairisceoir spóirt le Raidió na Gaeltachta sna seachtóidí nuair nach raibh mórán tuairisceoirí ban ann beag ná mór, agus lean sí uirthi sa ról sin go dtí na nóchaidí. Beidh cláracha speisialta acu dúinn gach lá ar feadh na seachtaine seo.

Doirin Mhic Mhurchú

An Saol ó Dheas brought us the first of five special programmes to be broadcast this week as part of RTÉ Raidió na Gaeltachta's fifty year celebrations. They were live from An Rinn in Co. Waterford, with a programme about the importance of sport in the Déise area, with the programme dedicated to Dóirín Mhic Mhurchú. Dóirín worked as a sports reporter for RnaG from the seventies until the nineties, when it was almost unheard of to have a woman in that role.