Bhí An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta i láthair nuair a sheol an Taoiseach Mícheál Ó Máirtín Beauty Deas an Oileáin in Ionad an Bhlascaoid.
I láthair ag an ócáid, bhí Máire Ní Dhálaigh, agus Ríonach Ui Ógáin ag seoladh an leabhair agus an dlúth chéirnín Beauty Deas an Oileáin. Ócáid speisialta ab ea an seoladh seo, ceiliúradh ar oidhreacht shaibhir an oileáin, idir litríocht agus ar cheol freisin.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Labhair an saineolaí ar an mbéaloideas Dr. Ríonach Uí Ógáin mar gheall ar chúlra agus tábhacht an leabhair agus dlúthchéirnín dóibh siúd atá ag plé le caomhnú an chultúir. Ghabh sí buíochas leo siúd a chaomhnaigh an ceol agus a tháinig le chéile leis an gceol ón oileán seo a thaifead arís.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Éist leis An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08-1.00