D'fhógair an clár Tús Áite an gearrliosta don deich n-áit is fearr in Éirinn ar chóir do gach Éireannach cuairt a thabhairt orthu dár le héisteoirí an chláir.
Tá tús curtha anois le vóta poiblí chun 'Seoid na hÉireann’ a roghnú - an áit is fearr a shíleann pobal na Gaeilge ar chóir do gach Éireannach cuairt a thabhairt uirthi.
Is féidir vótáil ar shuíomh Gaeilge RTE www.rte.ie/gaeilge, ar leathanach Facebook RTÉ Raidió na Gaeltachta, ar chuntas Twitter Tús Áite nó ag an nasc seo
Dóibh siúd nach bhfuil ar líne is féidir a rogha a chur tríd an bpost go dtí Tús Áite, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Domhnach Broc, Baile Átha Cliath 4.

Beidh fáilte freisin roimh theachtaireachtaí ón bpobal le léamh amach ar an aer ag moladh a rogha áit ón ngearrliosta.
Bronnfar duaiseanna ar na teachtaireachtaí is fearr.Is féidir teachtaireachtaí a sheoladh go tusaite@rte.ie nó tríd an bpost ag an seoladh thuasluaite.
Chun cabhrú leis an bpobal a rogha a dhéanamh, ag tosnú Dé Luain 8 Lúnasa agus ag leanúint ar feadh coicíse, beidh ‘ambasadóir’ ar son gach ceann den deich n-áit ar an ngearrliosta ag labhairt ar an gclár.
Fógrófar an buaiteoir níos déanaí i mí Lúnasa.
Is iad an deich n-áit ar an ngearrliosta ná:
Leithinis Bhéarra, Co Chiarraí agus Co Chorcaí
Sliabh an Earagail, Co Dhún na nGall
An Blascaod Mór, Co Chiarraí
Brú na Bóinne, Co na Mí
Sceilg Mhichíl, Co Chiarraí
Guagán Barra, Co Chorcaí
Oileáin Árainn, Co na Gaillimhe
Oiléan Chléire, Co Chorcaí
Páirc Náisiúnta Bhoirne, Co an Chláir
Sliabh Liag, Co Dhún na nGall